Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ar an 13 Iúil ag 8pm beidh scannán “Rocky Ros Muc” á thaispeáint san Crannóg i Ros Muc. Beidh an laoch é féin, Seán Ó Mainnín, i láthair.

Rocky Ros Muc ag teacht abhaile

10.07.17

Scrúdaíonn Rocky Ros Muc an spiorad a bhain le bheith ag troid sa bhfáinne agus an trioblóid lasmuigh de chomh maith le cúrsaí imirce agus an tionchar a bhíonn aige ar fhéiniúlacht an duine.   I lár na seachtóidí a d’fhág Seán Ó Mainnín Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Bhostún.   Ba mhór an t-athrú ó bheith i Ros Muc go dtí bheith in iomaíocht do chraobh an domhain sa dornálaíocht; ó bheith i do chónaí i mbaile beag Gaeltachta i gConamara go dtí saol na coiriúlachta i measc ‘Whitey’ Bulger ar shráideanna achrannacha Bhostúin.  

Insíonn Rocky Ros Muc scéal Sheáin Uí Mhainnín; a shaol, a ghairm dornálaíochta, agus an thuas seal, thíos seal a bhain lena shaol.   Fear a raibh anam agus cruas ann a raibh misneach agus mórtas ag roinnt leis.   Léiriú é seo de chuid Below the Radar i gcomhar leis an ILBF, MG Alba agus Údarás Craolacháin na hÉireann.   Arna stiúradh ag Michael Fanning agus arna léiriú ag  Máire Bhreathnach.   Is é Rónán Mac Con Iomaire a scríobh agus a bhí ina léiritheoir comhlach.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: