Sé Mo Laoch | Ceoltóirí Éireannach | Laochra Ceol | TG4 Skip to main content
Menu

Sé Mo Laoch

Domh
9.30pm
Céad
10.30pm
     

Matt Molloy
Dé Domhnaigh @ 9.30pm

Sé Mo Laoch

Sraith nua.
Sraith faisnéise ceoil ina dtráchtfar ar shaol agus ar shaothar mhórlaochra an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta in Éirinn. I measc na n-aíonna a chuirfidh cláir na sraithe seo i láthair beidh Matt Molloy, Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill, Alec Finn, Sarah Ghriallais, Arty McGlynn, Frankie Gavin, Mary Bergin, Máirtín O’Connor, Dolores Keane agus Joe Burke.
 
 
Frankie Gavin Frankie GavinFéach Anseo
Frankie Gavin, duine de na ceoltóirí traidisiúnta is aitheanta in Éirinn, is ábhar don chlár seo. Tráchtfar ar shaol Frankie, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa cheannródaíoch De Danann agus fear atá ina ambasadóir iontach don cheol traidisiúnta pé áit a bhfuil sé ar fud an domhain. Óna óige faoin tuath i gCo. na Gaillimhe, a chuid oideachais i gcathair na Gaillimhe agus stáitsí móra an domhain ina dhiaidh sin, roinnfidh Frankie a scéal féin, a shaol agus a chuid ceoil ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór linn. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh Mary Bergin & Máirtín O’Connor.
 
 
Matt Molloy Matt Molloy – Dé Domhnaigh 21/10 @ 9.30pm
Tá ardmheas ar Matt Molloy, duine de na fliúiteadóirí is mó cáil ó thaobh an cheoil thraidisiúnta. Fear é a bhfuil tuiscint agus máistreacht aige ar an gceol agus ar an uirlis. D’éirigh sé as a phost le hAer Lingus nuair a bhí sé an-óg agus riamh ó shin tá a shaol caite aige ag ceol ar fud an domhain. D’fhan sé dílis don traidisiún as ar tháinig sé. Seo scoth a chuid ceoil agus a scéal féin ina chuid focal féin.
 
 
Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill – Dé Domhnaigh 28/10 @ 9.30pm
Beirt deirfiúracha as Co. na Mí ach de bhunú Rann na Feirste i nDún na nGall, Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, a bheidh ar an gclár seo. Tá cáil orthu féin agus ar a gcuid ceoil ar fud an domhain agus is iomaí amhrán, atá i mbéal an phobail anois, a bheadh caillte murach iad, amhráin a fuair na deirfiúracha óna ndúchas. I measc na rannpháirtithe beidh Paddy Glackin, Dónal Lunny & Moya Brennan.
 
 

Físeáin ar Fáil