Seal le Dáithí | Siamsaíocht | Comhrá | Agallamh | Dáithí Ó Sé Skip to main content
Menu

Seal le Dáithí

Déar
7.30pm
Luan
12.45pm
     

Is é John Spillane a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé an tseachtain seo
Déardaoin @ 7.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Is é Gary Brennan a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé anocht. Iománaí le Baile Aodha a d'imir i gCluiche Ceannais Chlubanna na hÉireann in 2017, ach ar fearr aithne air mar pheileadóir le Contae an Chláir. D'imir sé faoi Pháidí Ó Sé, a thug deis dó le foireann sinsear an Chláir in 2007, agus faoi Mick O'Dwyer, a rinne captaen dó ar Chontae an Chláir in 2013. Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais is ea Gary i gColáiste Fhlannáin Naofa, fear atá cáilithe ina thraenálaí pearsanta chomh maith.

Chéad Taispeántas: 1 Sam

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Seal le Dáithí

Cuireann Dáithí Ó Sé sraith úrnua i láthair sa chlár “Seal le Dáithí” ar TG4. Beidh dreas comhrá gach seachtain le aoi difriúil, ina n-insíonn aionna scéal a mbeatha agus iad ag caitheamh “Seal le Dáithí”.
I measc na n-aionna sa tsraith nua tá láithreoir Eurofíse, iar Miss Universe Ireland, amhránaithe is scríbhneoirí, filí, pearsantachtaí spóirt, taiscéalaí, maisitheoir, an chéad scipéir ban in Éirinn lena bád féin agus bean a bhunaigh bunscoil sa Ghréig chun cabhrú le teifigh.
 

Clár 9: John Spillane – Déardaoin 15/11 @ 7.30pm
Is é John Spillane a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé ar chlár na seachtaine seo. Fuair Spillane post lánaimseartha i mbanc nuair a bhí sé ocht mbliana déag ach d’fhág sé an post ina dhiaidh tar éis dhá bhliain le bheith ina cheoltóir proifisiúnta lánaimseartha. Corcaíoch ó dhúchas, tá sé ar dhuine de na cumadóirí amhrán is aitheanta in Éirinn sa lá atá inniu ann chomh maith le bheith ina cheoltóir, cumadóir, scéalaí, file agus aislingeach.
 

Físeáin ar Fáil