Song of Granite | Scannán | TG4 | Cine4 | Ceol | Sean-Nós | Joe Éinniu Skip to main content
Menu

Song Of Granite

     

Scannán faoi Joe Éinniú an t-amhránaí sean-nóis iomráiteach as Carna, Co. na Gaillimhe.

Song Of Granite

Scannán, a thuill moladh na léirmheastóirí, faoi stiúir Pat Collins a thabharfaidh léargas ar shaol Joe Éinniú as Carna, Co. na Gaillimhe, duine na hamhránaithe ab fhearr riamh i dtraidisiún na hamhránaíochta ar an sean-nós in Éirinn. Is mór an tionchar a bhí ag na hamhráin, na miotais agus na finscéalta air, agus é ag éirí aníos in iarthar na hÉireann i dtús an 20ú céad. Tabharfar cuntas ar Joe Éinniú agus an turas a rinne sé as Conamara go Glaschú ar dtús agus ansin go Nua-Eabhrac agus an tionchar a bhí aige ar a shaol pearsanta.
 

Físeáin ar Fáil