Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Lá inspioráide agus ceiliúrtha do na daoine óga agus oideachasóirí a ghlacann páirt i gClár TechSpace

TECHFÉILE 2018

01.05.18

Ghlac ós cionn 200 dalta Gaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta páirt sa gcéad TechFéile a bhí ar siúl sa Limerick School of Art & Design ar an Aoine 27 Aibreán.

Is ócáid í Techféile a d’eascair ón chlár TechSpace, atá á rith ag Camara Ireland i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus é mar aidhm leis an chruthaíocht agus an teicneolaíocht a spreagadh i measc scoláirí óga Gaeltachta agus Gaelscoile.  Eagraíodh TechFéile i gcomhar le Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus TG4 mar chuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge.

Ar an lá, cuireadh béim ar sárobair na ndaoine óga atá ag glacadh páirt i gClár TechSpace. Ag eirí as an mana, Samhlaigh – Cruthaigh – Spreag, bhí béim ins na ceardlann ar réimsí na meán chumarsáide agus na teicneolaíochta. I measc na gceardlanna Meáin, bhí Ceardlanna Aimsire le TG4, Tráchtaireacht Spóirt le Nemeton, Aisteoireacht le Fíbín, Athghuthú Cartúin le Telegael agus Iriseoireacht Físe le Nuacht TG4. Cuireadh béim freisin cheardlanna Teicneolaíochta, ina measc Cruthú Ciorcaid le Moonfish, Códú ar iPad le Grátek, cruthú Holograms agus dúshlán innealtóireachta le Lego Camps. Tugadh taispeántais ar an lá freisin do na daoine óga ar ghnéithe mar VR agus Oculus Rift a thriail chomh maith le priontáil 3D.  Bhí ceol bhreá ag an ócáid freisin ón mbanna ceoil KILA agus ó bhanna ceoil TOGRA ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Tá an clár TechSpace á rith le 3 bhliana faoi scáth na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. https://www.techspace.ie/clartechspace

Deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, gur “cuid lárnach de straitéis TG4 í tacú le talann nua a fhorbairt agus an chruthaíocht a spreagadh i measc an óige.  Is togra iontach í TechSpace a thugann tacaíocht le scileanna sa gcruthaíocht, agus sa chumarsáid a fhorbairt leis an aos óg.  Cá bhfios ná go mbeidh cuid acu seo atá ag glacadh páirte inniu ag forbairt tograí do TG4 amach anseo.”

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, T.D., “Tá an-luacháir orm go bhfuil an ócáid seo, ócáid TechFéile 2018, de chuid Clár TechSpace atá á mhaoiniú ag mo Roinn á rith don chéad uair i mbliana.  Is iontach an tábhacht agus an deis atá ag baint le TechFéile 2018 sa bhealach go dtugann an togra deis don aos óg a gcuid samhlaíochta agus cruthaitheachta a fhorbairt agus an Ghaeilge a chur ar thaispeántas. Tá an-chuid cumhacht ag an teicneolaíocht inár saol laethúil agus taispeánann sé seo an suim atá ag déagóirí i gcúrsaí teicneolaíochta agus iad go mór ina gcompord sa ré dhigiteach ina maireann muid inniu.  Mar sin cuireann sé ríméad orm go bhfuil an togra seo ag dul i bhfeidhm go mór ar an aos óg agus an Ghaeilge á chur ar chomhchéim leis an mBéarla sa saol digiteach.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: