Tocht na Máthar | Faisnéis | Máthar & Páiste | Cruachás | Tragóid | TG4 Skip to main content
Menu

Tocht na Máthar

Céad
9.30pm
Aoine
11.05pm
     

Níl crá croí ná imní is géire
ná imní máthar go mbainfeadh tinneas,
gortú nó aicíd dá mac nó iníon,
gan trácht ar an mbás.

Dé Céadaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Siobhán Hynes 1-3

Rátáil Tuismitheora: 15A

Inseoidh Bríd Hynes scéal tubaisteach a hiníne, Siobhán (17), a ionsaíodh agus a dúnmharaíodh an 6 Nollaig 1998. Ag 12:50 an mhaidin sin, d'imigh Siobhán as carr a bhí páirceáilte taobh amuigh d'óstán ar an gCeathrú Rua i gConamara agus níor fhill sí choíche. Fuarthas a corp ar thrá lá arna mhárach. Gabhadh fear as an áit, John McDonagh, agus cúisíodh é ina dúnmharú. Ar an 18ú Meitheamh 2001, fuair a muintir faoiseamh éigin nuair a gearradh príosúin saoil as dúnmharú agus 10 mbliana as éigniú ar McDonagh. Ainneoin 19 mbliana a bheith caite, tá croí Bhríd chomh dubh céanna i gcónaí.

Chéad Taispeántas: 20 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Tocht na Máthar

Sláinte agus sonas a páiste an rud is gaire do chroí aon mháthar.
Níl crá croí ná imní is géire ná imní máthar go mbainfeadh tinneas, gortú nó aicíd dá mac nó iníon, gan trácht ar an mbás.
Nuair a tharlaíonn seo fágtar folús agus duibheagán bróin.
Is é seo is ábhar don tsraith seo, ina léirítear roinnt cásanna agus ina dtugann mná a gcuntas féin ar ar tharla dóibh-san agus ar an mbealach a bhfuil siad ag iarraidh déileáil leis an gcor is measa ar fad a d’fhéadfadh tarlú do mháthair.
 
Fuair an togra seo tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.
Léiriú le Stirling Film & Television


I gClár 4:

Pádraig Schaler
Scéal spreagúil Patricia O’Byrne faoina mac Pádraig (23) ar bhain drochthráma inchinne dó i dtimpiste bóthair i Cape Cod in Meitheamh 2013. Bhí Pádraig i gcóma ar feadh cúpla mí ach dhiúltaigh a thuismitheoirí scaoileadh leis agus de réir a chéile thosaigh sé ag dúiseacht. Fuair sé cúram leighis sa Ghearmáin agus tá Pádraig neamhspleách anois mar gheall ar chathaoir rotha sainoiriúnaithe atá aige agus é fós ag cur iontais ar lucht leighis. Bhunaigh a mhuintir ‘An Saol’, ionad a chuireann seisiúin teiripe agus athshlánaithe ar fáil do dhaoine a mbaineann drochghortuithe inchinne dóibh.

 

Físeáin ar Fáil