Tradfest TG4 | Ceol Traidisiúnta | Tradfest 2019 | TG4 Skip to main content
Menu

Tradfest TG4

Domh
06.10
     

Sraith cheoil thraidisiúnta á cur i láthair
ag Doireann Ní Ghlacáin a taifeadadh ag Tradfest 2019.

Sraith nua ag tosú 06.10 @ 21:30

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Scoth an cheoil as na Garbhchríocha agus as oileáin na hAlban a chuirfidh clabhsúr ar an tsraith. Buailfidh Doireann Ní Ghlacáin leis an mbanna ceoil Blazin' Fiddles atá scór bliain ar an bhfód anois. Tá stíl fidle dá gcuid féin acu, stíl a léiríonn scleondar agus paisean cheol na hAlban. Ar an gclár chomh maith beidh virtuoso an ghiotáir acústaigh, Pierre Bensusan. Cé go bhfuil níos mó ná 40 bliain caite aige ag ceol ar fud an domhain, ní chasann an ceoltóir ar leith seo aon tiúin ar an mbealach céanna faoi dhó.

Chéad Taispeántas: 25 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

TradFest TG4

 
Sraith cheoil thraidisiúnta & chomhaimseartha a taifeadadh beo ag TradFest i gcroílár na hard-chathrach. Á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath, beidh ceol sa tsraith ó cheoltóirí as Éirinn agus thar lear chomh maith daoine óga nua atá ag teacht chun cinn. I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe beidh Mike McGoldrick, The Henry Girls, The Green Fields of America, Teddy Thompson, Inni K, Liam O’Connor agus go leor eile. Arna léiriú ag Aniar TV.
 

Físeáin ar Fáil