Tríd an Lionsa | Faisnéis | Cartlann Griangrafanna | Éire | TG4 Skip to main content
Menu

Tríd an Lionsa

Máir
7.30pm
     

Sraith a thugann chun solais an saibhreas atá ar
fáil sna taiscí cartlainne de ghrianghrafanna
a tógadh sa tír seo idir 1880-1902

Dé Máirt @ 7.30pm

Fógraíocht

Tríd an Lionsa 1-4

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith a thugann chun solais an saibhreas grianghraf atá le fáil sna taiscí cartlainne, grianghraif a tógadh sa tír seo idir 1880-1902. Bailiúchán 'Gap Girls' a tógadh idir 1860 -1880 ábhar an chláir seo. Seacht steiréafóta de mhná a bhíodh ag díol poitín le turasóirí i mBearna an Choimín i gCill Airne atá sa bhailiúchán seo. Is cuid de bhailiúchán Lawrence iad sa Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta. Ach an grianghraif iad a thugann cuntas ar staid shóisialta na linne nó an léiriú iad ar an dearcadh a bhí ann i leith na mban ag an am?

Chéad Taispeántas: 20 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Tríd an Lionsa

Sraith a thugann chun solais an saibhreas atá ar fáil sna taiscí cartlainne de ghrianghrafanna a tógadh sa tír seo idir 1880-1902. Pádraic Ó Neachtain ár dtreoraí ar an turas taibhsiúil seo d’íomhánna. Chuir saothar na ndaoine seo go mór le tuiscint a chothú ar an ngrianghrafadóireacht agus ar an leas a d’fhéadfadh sí a dhéanamh don iriseoireacht agus don turasóireacht.
Á chur i láthair ag Pádraic Ó Neachtain.

Léiriú le Sibéal Teo

Físeáin ar Fáil