Turas Bóthair | Siamsaíocht | Ceamaraí i gCarranna | Cúléisteacht | TG4 Skip to main content
Menu

Turas Bóthair

     

Sraith ina suiteáilteadh ceamaraí i
gcarranna ar fud na hÉireann le deis
a thabhairt dúinne dul ag cúléisteacht.

Fógraíocht

Turas Bóthair 2-6

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna ar fud na hÉireann le deis a thabhairt dúinne dul ag cúléisteacht ar na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. I measc na n-ábhar plé sa chlár seo beidh tuismitheoirí a chur i dteach altranais, cúrsaí faisin agus róbait!

Chéad Taispeántas: 11 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Turas Bóthair

Bhí tóir mhór ar an chéad sraith de Turas Bóthair anuraidh agus anois tá an dara sraith linn. Nochtar dúinn sa chlár seo cad é go díreach a bhíonn mar ábhar cainte ag daoine agus iad ag taisteal thart ina gcuid carranna. Tá ceamaraí beaga curtha ar ais againn i gcarranna ar fud na hÉireann sa dóigh go dtig linn cúléisteacht leis na comhráite a bhíonn ag dul ar aghaidh idir tiománaithe agus a gcuid paisinéirí. Tá lúcháir agus brón ann, coiméide agus tragóid, grá agus briseadh croí, cairdeas agus rómánsaíocht, aiféaltas agus machnamh, éadóchas agus dóchas.
Léiriú le Waddell Media Teo
 

Físeáin ar Fáil