Coimisiúnú
Babhta Coimisiúnaithe do (Babhta 51) – Scéim Maoinithe Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán do Fhómhair 2023
Is é 3.00i.n. Dé Luan, 25 Meán Fhómhair 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais don bhabhta seo
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ó earnáil na léiriúchán neamhspleách le haghaidh tionscadail uaillmhianacha ardleibhéil ar féidir tacaíocht a fháil ina leith don chéad Bhabhta Maoinithe eile, Babhta 51, den Scéim Fuaim agus Fís.
Níor cheart do léiritheoirí ach iarratais atá cáilithe don scéim seo amháin a chur isteach agus ba cheart go mbeadh tionchar láidir ag na tionscadail ar lucht féachana TG4 agus tabhair aird ar leith ar an sceidealú agus ar na riachtanais ama craolta agus lucht féachana mar atá leagtha amach thíos. Níor cheart tograí a diúltaíodh roimhe seo a chur isteach arís gan athruithe suntasach a dhéanamh ar dtús agus plé a dhéanamh le hEagarthóir Coimisiúnaithe sula gcuirtear aon togra isteach arís. Ar an mbonn sin, ní mór do gach tionscadal ceann amháin de na téamaí seo thíos ar a laghad a chomhlíonadh:
- Cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do na nithe seo: stair; foirgnimh stairiúla; an timpeallacht nádúrtha; oidhreacht thraidisiúnta, tuaithe agus dhúchasach; na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha; an Ghaeilge; eispéireas na hÉireann i gcomhthéacsanna Eorpacha agus idirnáisiúnta.
- Feabhas a chur ar inniúlacht daoine fásta nó ar thuiscint ar na meáin;
- Feasacht an phobail agus tuiscint an phobail ar fhadhbanna domhanda a bhfuil tionchar acu ar an Stát agus ar thíortha eile seachas an Stát a ardú; agus,
- Aon cheann de na cláracha thuas i nGaeilge.
Ní mór gach iarratas ar an mbabhta seo a chur isteach go leictreonach trí chóras ríomhchoimisiúnaithe TG4, agus a cheangal mar cháipéis pdf agus buiséad iomlán mar cheangaltán Excel a bheith leis.
Ní dhéanfar measúnú ar thograí mura bhfuil buiséad iomlán leo.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais:
- Togra iomlán a chuireann an coincheap/ábhar agus an cur chuige cruthaitheach i láthair
- Buiséad Iomlán & Plean Airgeadais
- Sonraí faoi léiritheoir agus faoi stiúrthóir atá luaite leis an tionscadal chomh maith leis an bpríomhfhoireann/criú cruthaitheach
- Ráiteas físiúil ón Stiúrthóir
- Moltaí le haghaidh daoine cumasacha ar an scáileán/rannpháirtithe de réir mar is cuí. (Ba cheart nasc chuig triail scáileáin a bheith in éineacht le haon láithreoir teilifíse nó príomhphearsana cumasacha atá molta nach bhfuil aithne ag daoine orthu cheana féin.)
- Am craolta agus sprioclucht féachana TG4 don tionscadal
- Plean/sceideal léiriúcháin
- Déan cur síos faoi mar atá an tionscadal seo cáilithe don Scéim Fuaim agus Fís
SEÁNRAÍ INGHLACTHA SA BHABHTA SEO:
1. Fíorasach & Siamsaíocht: Croí-Lucht féachana
Sraith de chláir faisnéise nó siamsaíochta 25’ nó 50’ ar fhad ag plé, den chuid is mó, le scéalta láidre, téamaí comhaimseartha a thugann léargas dúinn ar dhuine, teaghlach, grúpa nó gairm. Fáilteofar roimh scéalta a bhaineann leis an dúlra, athrú aeráide, cúrsaí timpeallachta, tomhaltachas (consumerism), faisean, tithíocht, tógáil clainne, nó meascán de sheánraí.
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine, 8pm nó 8.30pm.
Formáid: Cláir / sraitheanna faisnéise nó cláir / sraitheanna siamsaíochta, 25’ nó 50’ ar fhad.
Lucht Féachana: Croí-Lucht Féachana.
2. Fíorasach Náisiúnta
Clár faisnéise aonair uair an chloig nó sraith faisnéise ina léirítear scéal láidir, tábhachtach agus atá feiliúnach do phríomhsceideal TG4. Is féidir le scéalta súil ghéar a chaitheamh ar shaol na hÉireann trí bhreathnóireacht nó trí mheascán de mhodhanna scéalaíochta agus athchruthaíochta a mheallfaidh an lucht féachana is leithne.
An chéad am craolta: Dé Céadaoin, 9.30pm
Formáid: Sraith de chláir faisnéise láidre, tharraingteacha 50 nóiméad ar fhad.
Lucht Féachana: Náisiúnta
Scannáin fhada Faisnéise: Fáilteofar freisin roimh scannáin fhada faisnéise – 70’ – 90’ ar fhad is féidir a thaispeáint san amharclann, ag féilte agus a bheidh ina seoid i sceideal clár TG4.
3. Cláir Faisnéise Staire – Lucht Féachana Náisiúnta
Cláir aonair nó sraith staire le scéalta láidre staire a bhaineann le hÉirinn, 50 nóiméad nó 75 nóiméad ar fhad. Táimid ag lorg cláir shiamsúla, shuimiúla, ábhartha agus a thugann eolas nua don lucht féachana. Oibreoidh ócáidí comórtha a bhaineann leis an stair chomh fada is go gcaitear leo ar bhealach atá úr agus ábhartha.
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine, 9.30pm.
Formáid: Cláir aonair nó sraith staire, 50 nóiméad nó 75 nóiméad ar fhad.
Lucht Féachana: Náisiúnta.
4. Siamsaíocht Fhíorasach – Lucht Féachana Náisiúnta
Is féidir formáid fhíorasach nó sraith bhreathnaitheach a bheith i gceist nó sainshraith fhíorasach más sraith í a bheidh siamsúil agus uaillmhianach! Bíonn iomaíocht mhór ann d’am craolta Déardaoin @ 9:30pm agus mar sin ní mór don tsraith a bheith bainteach le saol na linne, ábhartha, dúshlánach agus conspóideach in amanna. Ní mór dó a bheith croíúil agus siamsúil agus go mbeadh sé nádúrtha.
An chéad am craolta: Déardaoin, 9.30pm
Formáid: Sraith de chláir shiamsaíochta fhíorasacha láidre, tharraingteacha 50 nóiméad ar fhad.
Lucht Féachana: Náisiúnta
5. Siamsaíocht Cheoil Thraidisiúnta
Sraith clár agus / nó cláir aonair uair an chloig ar fhad, idir fhaisnéis agus thaibhiú an cheoil a chruthaíonn ardáin agus cóiriú nua don cheol agus don amhránaíocht thraidisiúnta agus a dhéanann ceiliúradh ar shaibhreas ár n-ealaíon dúchasach. Is féidir réimse an cheoil a mheascadh le réimsí eile faisnéise, m.sh: cláir taistil ceoil, beathaisnéise agus ceol a bheidh feiliúnach le craoladh sa phríomhsceideal ceoil Dé Domhnaigh ag 21.30 agus mar chláir aonair, speisialta um Nollag/Cáisc nó mar chomóradh ar amanna nó ócáidí faoi leith sa bhliain. Fáilteofar roimh smaointe is féidir a fhorbairt i gcomhar le foinsí maoinithe eile in Éirinn agus thar sáile.
An chéad am craolta: Dé Domhnaigh, 9.30pm.
Formáid: Sraith de chláir 50 nóiméad ar fhad.
Lucht Féachana: Náisiúnta
6. Siamsaíocht Cheoil NACH ceol traidisiúnta é
Tá an-tóir go dtí seo ar Cheol Tíre na hÉireann agus lucht féachana leathan aimsithe aige. Bhí cláir ann go dtí seo i bhformáid ceolchoirme nó comórtais. An bhfuil aon seánraí, formáidí eile ceoil a rachadh i bhfeidhm ar an lucht féachana is leithne ar an tslí chéanna.
Formáid: Sraith clár 25 nó 50 nóiméad ar fhad nach gá a bheith i bhformáid ceolchoirme. Cuirfear fáilte roimh fhormáidí eile.
Lucht Féachana: Náisiúnta.
7. Siamsaíocht do pháistí (páistí réamhscoile & aoisghrúpa 6-12 bhliain)
Fáilteoimid roimh iarratais ar ábhar beo-ghnímh (live action) ina mbeidh páistí nó tallann óg láithreoirí a mheallfaidh an lucht féachana ar an scáileán. Ábhar tarraingteach agus siamsúil, a spreagfaidh fiosracht agus foghlaim ach a bhfuil féith an ghrinn ag baint leo.
Lucht féachana réamhscoile, faoi 5 bliana
Lucht féachana luath bunscoile (5-7 mbliana)
Lucht féachana bunscoile (8-12 bhliain)
I gcás sraitheanna atá á bhforbairt, is fiú míreanna nó gnéithe a d’fhéadfaí a úsáid trasna ardáin éagsúla a bheith san áireamh.
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine.
Formáid: Sraith de chláir, fad éagsúil.
Lucht Féachana: Páistí, Croí-lucht féachana
Caithfear na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘CNM Babhta 51’, ón roghchlár anuas. Tiocfaidh admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur seachadadh na hiarratais.
Má tá aon cheisteanna agat maidir le haon chuid den bhabhta seo, cuir r-phost chuig Tina Uí Chonaire tina.ui.chonaire@tg4.ie
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghais, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar an eolas íogair (más ann) agus a rá cén chúis gur eolas íogair é. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 eolas a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur eolas íogair é agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4 aige.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.