Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

ilDÁNA 2023 / 2024

Spriocdháta don Iarratas: 17:00, Dé Luain an 11 Nollaig 2023

Tá ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon séasúr nua ilDÁNA 2023/2024 a fhógairt.

Is scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.

I mbliana, ba mhaith linn suas le dhá fhadscannán shuntasacha faisnéise a mhaoiniú, le buiséad suas le €135,000 an ceann. Is é an rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach ann.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ar shraitheanna beaga cinniúnacha atá uair an chloig ar fhad freisin ar bhonn eisceachtúil ar an mbunús go dtabharfaí glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona.

Fad a fháilteofar roimh iarratais a bhaineann le réimse ealaíne nó cleachtas ealaíne ar bith, ba mhaith linn fáilte ar leith a chur roimh iarratais trína bhfiosrófar foirmeacha ealaíne amhail ailtireacht, amharclannaíocht, ealaín sráide agus foirmeacha eile ealaíne nach minic a gcuirtear faoi chaibidil iad i gcláracha faisnéise ealaíon i nGaeilge.

Ní mór iarratais a dhéanamh chuig TG4 ar an gcóras iarratais ar líne tráth nach déanaí ná 17:00, Dé Luain an 11 Nollaig 2023.
 

Treoirlínte ilDÁNA 2023/2024:

  • Déanfar cur síos beacht cruthaitheach ar an ábhar ealaíon atá i gceist sna scannáin arna gcoimisiúnú do ilDÁNA.
  • Déanfar tograí maidir le disciplín ealaíne nó réimse cleachtais ar bith a bhreithniú.
  • Tabharfar tosaíocht d’ábhair chomhaimseartha ach d’fhéadfadh go mbreithneofaí freisin léiriú comhaimseartha ar shaothair/ábhair stairiúla.
  • Déanfar suas le dhá scannán a mhaoiniú agus cuirfear buiséad suas le €135,000 an ceann ar fáil. Seolfar iad le taispeáintí ar leith sa phictiúrlann agus beidh tréimhse sa phictiúrlann i gceist sula gcraolfar iad le linn príomh-ama do lucht féachana TG4 in 2024/2025.
  • Is é an rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach ann.
  • TG4 a dhéanfaidh próiseas coimisiúnaithe scannáin ilDÁNA a riar. Eiseoidh TG4 an comhaontú coimisiúnaithe caighdeánach.
  • Ionadaithe ó TG4, ón gComhairle Ealaíon agus measúnóir neamhspleách a dhéanfaidh an roghnú faoi scéim ilDÁNA.
  • Ní mór scannáin ilDána 2023/2024 a bheith ar conradh faoi dheireadh mhí Feabhra 2024.

 
Iarratais
Ní mór iarratais a dhéanamh ar chóras ríomh-Choimisiúnaithe TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé Luain, an 11 Nollaig 2023. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána ná dhéanacha.

  • Fad an scannáin: Scannán lánfhada nó cláracha uair an chloig (50’ an ceann).
  • Buiséad Léiriúcháin: Suas le €135,000 an scannán nó suas le €270,000 ar shraith.
  • Formáid: HD agus fotheidil Bhéarla air
  • Teanga: Gaeilge nó dátheangach
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann na conarthaí a shíniú ag tús na bliana 2024 má éiríonn leo

 
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais ar ilDÁNA:

  • Foirm choimisiúnaithe chomhlánaithe ilDÁNA a uaslódáil.
  • Léiriú mionsonraithe ar an togra.
  • Cur síos ar an gcur chuige cruthaitheach atá beartaithe.
  • Straitéis taispeántais ina n-aithnítear lucht féachana náisiúnta teilifíse an scannáin móide aon phlean a bheadh ann do thaispeántas amharclainne (féile scannán/pictiúrlann) más infheidhme.
  • Buiséad léiriúcháin mionsonraithe agus achoimre buiséid (cead ceoil agus ábhair, ábhar insoláthartha agus margaíochta san áireamh) – tá fáil ar theimpléid ar láithreán gréasáin TG4.
  • CVanna na foirne cruthaithí a bheidh páirteach sa togra, an stiúrthóir, léiritheoir, scríbhneoir agus eagarthóir san áireamh.
  • Fianaise ar úinéireacht lena n-áirítear cóipeanna de gach réamhchonradh agus comhaontú scríbhneoirí maidir leis an scéal agus an script, más infheidhme.
  • Deimhniú i scríbhinn i bhfoirm imréitigh agus ceada, más infheidhme, go bhfuil an príomhphearsa is údar don scannán toilteanach a bheith páirteach.
  • Trí shliocht/shampla d’obair an stiúrthóra (ní spól taispeána) chun bonn eolais a chur faoin togra.
  • Aon ábhar tacaíochta ábhartha eile chun bonn eolais a chur faoi chur chuige cruthaitheach an togra.

 
Déanann TG4 agus An Chomhairle Ealaíon:

  • Fostaíocht lucht déanta scannán a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a spreagadh.
  • Comhionannas inscne ó thaobh rannpháirtíochta agus an phearsanra léiriúcháin araon a chur chun cinn.
  • Coinníollacha agus luach saothair cóir a éileamh d’ealaíontóirí a bhfuil baint acu le déanamh scannáin ilDÁNA.

 

Roghnú
Roghnófar scannáin ilDÁNA bunaithe ar na nithe seo a leanas:

  • Fhís chruthaitheach an iarratasóra agus a chur chuige/a cur chuige cruthaitheach i leith an ábhair atá beartaithe
  • Indéantacht an togra i gcomhthéacs chuspóirí ilDÁNA.
  • Dea-theist an iarratasóra.
  • A mhéid a chuireann an togra comhionannas inscne chun cinn ó thaobh rannpháirtíochta agus an phearsanra léiriúcháin.
  • A mhéid a dtugann ceann den dá thogra atá le roghnú glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus a mhéid a bhfuil páirt ghníomhach ag daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu ann.
  • D’fhéadfadh maoiniú breise (suas le €10K in aghaidh gach tionscadal a n-éireoidh leis) a bheith ar fáil chun tacú le scannáin a thaispeáint sa phictiúrlann sa chás go moltar straitéis láidir taispeántais ar chur i gcrích na scannán.

 
Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach a dtogra a phlé faoi lár Mhí Eanáir 2024.

TG4 a dhéanfaidh an dámhachtain. Beidh feidhm le comhaontú coimisiúnaithe caighdeánach TG4. Táthar ag súil go mbeidh na tionscadail tugtha chun críche agus ar fáil lena gcraoladh ar TG4 in 2024/2025.

Caithfear na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht léiriúcháin cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh ríomh-Choimisiúin https://ecomm.tg4.ie, agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘ilDÁNA 2023 / 2024’, ón roghchlár anuas. Tiocfaidh admháil chugat go huathoibríoch nuair a bheidh do thogra curtha isteach. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur seachadadh na hiarratais.
 

Tuilleadh eolais

Ní mór d’iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh.
Beidh gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil.
Ní mór d’iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ní ann do chomhaontú go dtí go mbeidh conradh foirmiúil sínithe thar ceann TG4. Is leis an léiritheoir a bheidh cóipcheart ar an scannán.