Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Acadamh Meangadh Fíbín

Cúrsa seacht seachtaine a bheidh ann ina gcuirfear oiliúint ar rannpháirtithe chun obair ar neart cláir nua do dhaoine óga

 

Tá cúrsa nua seolta ag Gréasán na Meán Skillnet & Fíbín Media i gcomhar le TG4 chun pearsanra oilte a fhorbairt do thionscal na Meán Gaeilge.

Maoinithe ag TG4 agus ag Gréasán na Meán Skillnet, beidh an cúrsa seacht seachtaine ar siúl ón 26 Meitheamh go dtí an 7 Lúnasa 2023 ag oifigí léirithe agus stiúideo úrnua Fíbín Media ar an Tulaigh, Baile na hAbhann i gConamara.

Beidh deis ag daltaí speisialtóireacht a dhéanamh i róil theicniúla amhail taifeadadh agus meascadh fuaime, oibriú ceamaraí, eagarthóireacht físe, meascadh físe, soilsiú, stiúradh agus léiriú.

Déanfar costais lóistín agus bia a fhóirdheonú ar feadh ré an chúrsa.

Agus cainéal nua ‘Cúla4‘ le seoladh i mí Mheán Fómhair, ullmhóidh an cúrsa oiliúnaithe le dul i mbun oibre ar neart cláir nua le comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha.
 

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil spéis mhór acu a bheith ag obair sa teilifís.
Níl aon cháilíocht ar leith ag teastáil ach tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach.

Gach eolas ar www.fibinmedia.ie/acadamh. Is féidir le hiarrthóirí ar spéis leo a bheith páirteach CV a sheoladh chuig acadamhfibin@gmail.com.