Ómós - Michael D @ 80
More on TG4
Síle Seoige: Deireadh Tochta

NUA - Dé Céadaoin 07/04 @ 21:30
Cíorfaidh Síle Seoige, craoltóir agus máthair, an cumha, an t-ábhar dóchais agus éadóchais, a airíonn daoine dá dtarlaíonn breith anabaí. Tá fúithi deireadh a chur leis an tost a ghabhann le tocht a dhéanamh i ndiaidh an linbh, le cultúr an chiúnais agus na bailbhe maidir le huafás a fhulaingíonn go leor.
Síle Seoige, broadcaster and mother, explores the grief, hopes, fears, and frustrations of those who have gone through miscarriage and sets out to put an end to the culture of silence and stigma around this terrible loss that is experienced by so many.
Laochra Gael

NUA - Déardaoin @ 21:30
An 20ú sraith de Laochra Gael. Cuirfear 6 Laoch Gael, a rinne gaisce ar pháirc na himeartha, i láthair le linn na sraithe seo. Is fíor-laochra iad uile agus a gcáil imithe rompu. Tabharfar spléachadh pearsanta orthu agus ar an ngaol atá acu lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu.
The definitive GAA sports series returns to TG4 for a 20th series. The series hour-long format has proved a huge success, bringing each player’s personal stories to screen. The series features six Laochra with genuine star quality and reveals deeper, fresh and sometimes unexpected insights into the lives of these icons.
The Mighty Ocean

NUA - Dé Domhnaigh 25/04 @ 21:30
Idirphlé ceoil idir an cine daonna agus an timpeallacht, agus léargas ar leith ar chumhacht na farraige, agus an scrios atá an duine a dhéanamh ar na farraigí atá go mór i mbaol. Dháréag ceoltóirí a bheidh páirteach sa bpíosa seo ina measc Máirtín O’Connor, Garry O Briain, Cathal Hayden, Seamie O’Dowd agus neart eile.
The Mighty Ocean opens a musical dialogue between humankind and the environment, touching on the entrancing power of the sea, while questioning our destructive influence on the endangered oceans. The piece, scored for 12 musicians, features Irish traditional legends Máirtín O’Connor, Garry O Briain, Cathal Hayden, Seamie O’Dowd and many more.
Turas Bóthair

NUA - Ag tosú Déardaoin 15/04 @ 20:00
Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna daoine ar fud na hÉireann le deis a thabhairt don lucht féachana dul ag cúléisteacht leis na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. Sa chéad chlár den tsraith, cloisfidh muid chomhrá faoi fhíricí na beatha, ar chúrsaí ólacháin i gcomparáid le 20 bliain ó shin agus cé atá dul an tríú cogadh domhan a thosú.
This show features cars across Ireland rigged with cameras allowing us to eavesdrop on what people are really talking about. In the first episode, we chat about the Birds and the Bees, our drinking habits and who is going to start World War 3.
Uimhir 6

NUA - Dé Céadaoin 14/04 @ 21:30
Tá uimhir 6 Sráid Fhearchair ar cheann de na tithe is stairiúla in Éirinn agus tugann an stair spéisiúil sin léargas ar Bhaile Átha Cliath agus Éire atá de shíor ag athrú. Mhair idir impiriúlaithe de chuid na Breataine agus réabhlóidithe na hÉireann ann chomh maith le naomh agus a scoláirí.
No. 6 Harcourt Street is one of the most historical houses in Ireland and its 230 year fascinating history is of a changing Dublin and Ireland. It has been home to British imperialists and Irish revolutionaries, a saint and his scholars.
Scannáin Bhaile Andy

NUA - Dé Céadaoin 07/04 @ 20:30
Clár faoi Andy Kelly, cartlannaí paiseanta, a bhfuil bailiúchán mór millteach de ghrianghraif agus de scannán ina sheilbh aige. Tá 15,000 troigh de scannán agus 20,000 grianghraif stóráilte sa mbaile aige – míreanna suaithinseacha atá ina seoda tábhachtacha sóisialta inniu.
The passion of Andrew Kelly, an archivist and collector from Kilmacthomas, who has amassed a huge collection of photographs and film over his life-time, is the focus of this documentary. He has gathered over 20,000 photographs and 15,000 feet of film since he started to collect over 50 years ago.
The Sinner

Sraith 3 - Ag tosú Dé Céadaoin 21/04 @ 22:35
An tríú sraith de The Sinner. Leanfar an Bleachtaire Harry Ambrose agus é ag tabhairt faoi imscrúdú ar thimpiste chairr taobh amuigh de Dorchester, Nua-Eabhrac. Ní bhíonn sé i bhfad go gcuireann sé é féin i gcontúirt agus aghaidh á thabhairt aige ar an gcás is aistí agus is contúirtí fós.
THE SINNER’s third instalment follows Detective Harry Ambrose as he begins a routine investigation of a tragic car accident on the outskirts of Dorchester, in upstate New York. Ambrose uncovers a hidden crime that pulls him into the most dangerous and disturbing case of his career.
Dónall Dána

Luan - Aoine @ 16:30
Níl an saol féaráilte beag ná mór dar le Dónall Dána! Tá an saol mór ina choinne agus a shliocht ar na daoine fásta a bhíonn ina thimpeall, tugann sé a ndúshlán. Mar a bheadh buachaill óg ar bith dá aois, tá sé ceanndána, ábhailleach agus ní bhíonn an cath caillte riamh!
For Dónall dána, life is just not fair! He feels that the rest of the world is against him. Like any headstrong young boy, he is determined, relentless, he doesn’t hold back and he never admits defeat! He will stop at nothing to outwit the enemy and teachers, relatives and babysitters avoid him at all costs.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv