Gradam Ceoil TG4 2023
More on TG4
Téacs Taistil

NUA - Ag tosú Déardaoin 13 Aibreán @ 21:30
Is sraith taistil í seo a ghluaiseann ar aghaidh go sciobtha, ag taispeáint bealach tarraingteach chun an domhan a fheiceáil. Triúr láithreoirí, trí lá, trí thasc – agus saoire bheag dhifriúil gach seachtain. Is iad Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin agus Proinsias Ó Coinn a chuirfidh an tsraith i láthair.
Téacs Taistil is a fast-paced travel series and a captivating way to experience the world. Three presenters, three days, three tasks. Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin and Proinsias Ó Coinn are perfect for this assignment, or are they?
Ciotóg

NUA - Dé Céadaoin 26 Aibreán @ 21:30
Scrúdaíonn an clár faisnéise seo saol an dornálaí áitiúil ó Bhéal Feirste Sean McComb agus é ag tabhairt faoi a ghairm phroifisiúnta ag plé leis na dúshláin a bhíonn le sárú aige laistigh agus lasmuigh den fháinne. Faighimid léargas ar a réim traenála dian i nGlaschú in aice le dornálaithe eile ar nós Tyrone McKenna, Tyrone McCullough agus Paddy Barnes.
This observational documentary explores the life of local Belfast boxer Sean McComb as he embarks on a professional career and deals with the challenges that he confronts inside and outside the ring. We gain insight into his intense training regime in Glasgow with fellow boxers Tyrone McKenna, Tyrone McCullough and Paddy Barnes.
Bláth na hÓige

NUA - Ag tosú Déardaoin 13 Aibreán @ 20:00
Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Maireann sí i mbéal na ndaoine, í ceangailte agus fréamhaithe i spiorad na nGael. Is tréimhse rathúil í seo d’amhránaíocht na Gaeilge le glúin nua ag teacht chun inmhe, iad muiníneach, fiosrach, agus tiomanta do na hamhráin.
The Irish language sean-nós song tradition is an integral part of Ireland’s musical and cultural landscape. An oral, living tradition, this tradition goes to the very heart of the Gaelic tradition. In this series we follow these young singers as they go about their musical lives.
Beidh Mé Ar Ais!

NUA - Sraith 2 - Ag tosú Dé Domhnaigh 16 Aibreán @ 20:30
Sa tsraith seo táimid ag iarraidh teacht ar áiteanna aisteacha agus iontacha nach bhfuil an oiread sin de chur amach ag daoine orthu. Ag taisteal na tíre, sa tóir ar na seoda, beidh Osgur Ó Ciardha agus Sinéad Ní Uallacháin. Roghnófar ceann de na seoda mar bhuaiteoir ag deireadh na sraithe agus gheobhaidh siad 5,000 euro chun cabhair a thabhairt dóibh a ngnó a fhorbairt.
In this series we want to unearth some of the best lesser known tourist gems as we search for Ireland’s next top tourist attraction. Scouring the nation for these tourist attractions are Osgur Ó Ciardha and Sinéad Ní Uallacháin. At the end of the series, one of the tourist attractions we feature will receive 5,000 euro to take it to the next level.
Buille

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 16 Aibreán @ 22:30
Tabharfar léargas sa tsraith nua cheoil seo ar chuid de na ceoltóirí comhaimseartha is cumasaí agus is éagsúla in Éirinn sa lá atá inniu ann. As Dolan’s i Luimneach a chuirfidh Eve Belle agus Cian Mac Cárthaigh plúr na gceoltóirí inár láthair – ó hip hap, ceol tíre, agus snagcheoil go hamhránaithe-scríbhneoirí, bannaí rac, agus gach rud idir eatarthu.
This new, exciting and edgy music series will shine a light on some of the most talented and diverse contemporary musicians in Ireland today. Filmed in Dolans, Limerick, presenters Eve Belle and Cian Mac Cárthaigh will showcase a host of performers from the worlds of hip hop, folk, jazz to singer-songwriters, rock bands and everything in between.
Love Life

NUA - Dé Máirt @ 22:30
Is coiméide rómánsúil atá sa tsraith seo ina leanfaimid Darby Carter agus í ag déanamh a bealaigh trí shaol na hoibre agus saol an ghrá i Nua-Eabhrac – go minic le heaspa muiníne na hóige. Castar Darby orainn ar dtús i 2012. De réir mar a leanfaimid Darby sna blianta ina dhiaidh sin feicfimid í ag teacht níos gaire agus níos gaire dá grá geal – fiú mura bhfuil a fhios aici féin fós é.
This romantic comedy series tracks Darby Carter across her twenties as she navigates work and romance in New York City – often with the insecurities of youth bubbling to the surface. We first meet Darby in 2012. Following Darby over the next several years, Love Life shows how each of Darby’s encounters brings her closer to finding her “person” – even if she doesn’t know it yet.
Saol Ella

NUA - Ag tosú Déardaoin 20 Aibreán @ 17:00 / Seinnteoir Cúla4
I nGaeltacht Chonamara, tá Ella atá trí bliana déag d’aois agus a dlúthchairde, Treas agus Naoise ar bís faoi shaoire an tsamhraidh. Ach tagann athrú ar an scéal nuair a deir athair Ella léi go mbeidh Gaeilgeoirí acu don samhradh. An gcuirfidh sé seo stop le plean Ella do cheol, craic agus rac ‘is roll?
In the Conamara Gaeltacht, 13 year old Ella and her best friends, Treas and Naoise, are excited for their summer holidays. However, things take a turn when her dad, Dan, announces he will be keeping Gaeilgeoirí. Is this the end to Ella’s exciting summer plans of ceol, craic and rock ‘n roll?
Scannán: The Post

Dé Luain 3 Aibreán @ 21:30
(2017, Drámaíocht) Is iad Meryl Streep, Tom Hanks agus Sarah Paulson príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Steven Spielberg. Tugann an chéad fhoilsitheoir nuachta mná sa tír agus a heagarthóir aghaidh ar an rialtas, atá ag coinneáil go leor faoi cheilt i dtréimhse ama a chuimsíonn ceathrar d’uachtaráin na Stát Aontaithe.
(2017, Drama) Starring Meryl Streep, Tom Hanks and Sarah Paulson. Directed by Steven Spielberg. A cover-up spanning four U.S. Presidents pushes the country’s first female newspaper publisher and her editor to join an unprecedented battle between press and government.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv