Fleadhfest '21
More on TG4
GAA Cúl Camps

Dé Luain @ 19:30
Tá GAA Cúl Camps Kellogg’s ar ais don dara bhliain, sraith sé chlár a chuirfidh Cúl Camp fíorúil ar fáil le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Léireofar mar a thugtar faoi réimse leathan scileanna, druileanna agus téamh suas sa pheil agus san iomáint i ngach clár.
Kellogg’s Cúl Camps is back for a second year with a 6 part series exploring a virtual Cúl camp and features warm-ups, drills and skills to practice between Football, Hurling, Ladies football and camogie from GAA Stars.
Peil na mBan Beo

Ag tosú Dé hAoine 09/07 @ 19:20
Cuirfear tús an mhí seo le Chraobh TG4 i bPeil na mBan agus craolfar rogha de na gcluichí beo ar TG4. Á chur i láthair ag Máire Ní Bhraonáin.
The Ladies Football TG4 Championship begins this month and a selection of the games will be broadcast live on TG4. Presented by Máire Ní Bhraonáin.
Go Gasta

NUA - ó Dé Domhnaigh 25/07 @ 20:30
Ag leanacht ar aghaidh le sraith 2 de GO GASTA, tabharfaidh dhá bhaile atá teorainneach lena chéile agus a bhíonn de shíor ag coimhlint lena chéile dúshlán a chéile i gcomórtas nua bailte. Caithfidh foireann de sheisear ó bhaile amháin rith i dtreo an bhaile eile ach beidh constaicí go leor le sárú acu agus ar ndóigh beidh siad in aghaidh an chloig.
In the continuation of series 2 of GO GASTA, two local villages where local rivalry exists mainly on the football pitch go head to head to settle old scores once and for all. Each team of six sets out from their own village to race towards the opposing village and along the way they will have to negotiate different challenges against the clock.
Rásaí na Gaillimhe Beo

Dé hAoine 30ú & Dé Sathairn 31ú Iúil
Tá sé deimhnithe ag TG4 go gcraolfaidh an stáisiún dhá lá den rásaíocht ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe na bliana seo beo. Seán Bán Breathnach a chuirfidh Rásaí Beo i láthair, agus is iad Mánus Ó Conghaile agus Evelyn Ní Ghriallais a bheidh i mbun anailíse. Gheobhaidh an t-iriseoir Daragh Ó Conchúir tuairimí ón gcúrsa agus is é Cárthach Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta.
Two days of racing from this year’s Galway Races Summer Festival will be broadcast live on TG4. Rásaí Beo will be presented by Seán Bán Breathnach, with analysis by Mánus Ó Conghaile and Evelyn Ní Ghriallais. Racing journalist Daragh Ó Conchúir will be getting all the reactions from the course and commentary will be provided by Cárthach Breathnach.
Ros na Rún

Deireadh Sraith 25 - Dé Máirt 06/07 & Déardaoin 08/07
Níl Mo in ann ag an ualach a bhaineann le bás Frances níos mó, agus cé go dtuigeann sí nach mbeidh a saol mar an gcéanna go brách arís, socraíonn sí an fhírinne a insint.
Mo is no longer able to carry the burden of Frances death. Knowing her life will never be the same again, she decides to tell the truth. Is this the end of the road for Mo?
Scannán na Míosa: Salt

Dé Luain 19/07 @ 22:35
(2010, Aicsean) Is iad Angelina Jolie, Liev Schreiber agus Chiwetel Ejiofor na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Philip Noyce. Téann gníomhaire de chuid an CIA ar a teitheadh nuair a chuirtear ina leith gur spiaire Rúiseach í.
(2010, Action) Starring Angelina Jolie, Liev Schreiber and Chiwetel Ejiofor. Directed by Philip Noyce. A CIA agent goes on the run after a defector accuses her of being a Russian spy.
GAA Beo

I rith mí Iúil
An t-aicsean is fearr ó chluichí CLG an mhí seo beo ar TG4. Ó chluichí Craobh Mionúir Electric Ireland sa Peil & Iomáint chuig Craobh Iomána Faoi 20 Bord Gáis Energy agus Craobh Peile Faoi 20 EirGrid. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus Máire Ni Bhraonáin, le tráchtaireacht ó Brian Tyers agus anailísithe den scoth.
The best GAA action this month, live on TG4. Live games from the Electric Ireland Minor Championship in Hurling and Football along with the U20 Bord Gáis Energy Hurling Championship and the U20 Eirgrid Football Championship. Presented by Micheál Ó Domhnaill with commentary from Brian Tyers and a host of top analysts.
Scoil Bheag Helen

Luan - Aoine @ 07:20 ar Cúla4 na nÓg
Cailín beag 6 mbliana d’aois í Helen agus is breá léi a bheith ag múineadh scoile. Tá scoil draíochta aici, agus siad a cuid bréagáin féin iad na daltaí! Bíonn imeacht ar leith ullamh ag Helen do na daltaí gach lá.
Helen is a 6-year-old girl. She teaches in a magical school, where her toys are the students! Each day, Helen prepares activities for the students.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv