Peil na mBan Beo
More on TG4
Hector - Éire Nua

NUA - Ag tosú Déardaoin 30/09 @ 21:30
Tabharfaidh Hector ar chamchuairt ar fud na hÉireann muid chun bualadh le daoine iontacha ó thar lear atá anois ag cur fúthu in Éirinn. Ón mBrasaíl go dtí an Congó, Ceanada go Ghana, ón Rúis go dtí an tSiria, tá seisean sa tóir ar na daoine agus ar na freagraí. Cé hiad fhéin? Cén fáth ar tháinig siad go hÉirinn? Conas mar atá ag éirí leo? An bhfuiltear ag caitheamh go maith leo in Éirinn?
Hector is taking us on a whirlwind tour of Ireland meeting all the great people from overseas who now call Ireland their home. From Brazil to the Congo, Canada to Ghana, Russia to Syria, he’s in search of answers of who they are, why they came, how they settled in and how Ireland is treating them.
Sé Mo Laoch

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 12/09 @ 21:30
Scéalta agus ceol ó chuid de laochra mhór an cheoil traidisiúnta in Éirinn. Sa tsraith cuirfidh muid aithne níos fearr ar an fidléir agus amhránaí Mairéad Ní Mhaonaigh, an t-amhránaí Áine Uí Cheallaigh, laochra organ béil John agus Pip Murphy, Kevin Conneff ó na Chieftains agus rí an phortaireacht Séamus Fay as Co. an Chábhan. Beidh Mairéad Ní Mhaonaigh ag cuir tús leis an sraith nua.
Interviews and music from traditional Irish music icons. In this series we will delve into the life and times of the wonderful fiddler and singer Mairéad Ní Mhaonaigh, singer Áine Uí Cheallaigh, harmonica brothers John and Pip Murphy, Kevin Conneff from The Chieftains and Cavan lilter Séamus Fay. We’ll be kicking off the new season with Mairéad Ní Mhaonaigh.
Go mBeirimid Beo

NUA - Dé Céadaoin 08/09 @ 21:30
Clár leathdháiríre barrúil é seo ina gcaithfear súil ar eachtraí móra eile a tharla cosúil leis an bpaindéim Covid-19, agus eachtraí nach bhfuil tarlaithe fós agus déanfar cur síos ar an ullmhúchán a bhí déanta, nó nach raibh déanta b’fhéidir, ag muintir na hÉireann ina leith.
Inspired by the Coronavirus pandemic – and the doomscrolling many of us embarked on as a result – Go mBeirimid Beo is a tongue-in-cheek look at apocalypses past, present and future, and how the people of Ireland have prepared for them – or not.
Why Women Kill

NUA - Sraith 2 - Ag tosú Dé Máirt 07/09 @ 22:30
Fiosrófar atá i gceist i ndáiríre le bheith dathúil, an cur i gcéill a bhíonn ar bun ag daoine os comhair an phobail, an tionchar a bhíonn ag neamhaird ar an duine agus an méid a dhéanfaidh bean amháin chun go nglacfaidh an tsochaí léi.
Set in 1949, season 2 will explore what it means to be beautiful, the hidden truth behind the facades people present to the world, the effects of being ignored and overlooked by society and finally, the lengths one woman will go to in order to finally belong.
Junior Eurovision 2021

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 12/09 @ 20:30
Táthar sa tóir ar amhránaí na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2021! Gach bliain, téann na hamhránaithe óga is fearr, idir aois 9-14, ó Mhór-Roinn na hEorpa san iomaíocht i gComórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision. Cé a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann? Faoinár moltóirí a bheidh sé na cinntí sin a dhéanamh le linn na sraithe. Á chur i láthair ag Louise Cantillon.
The search for Ireland’s entry for the 2021 Junior Eurovision is on! Each year, the best young singers, aged 9-14, from across Europe compete in the competition. But who will represent Ireland? It will be up to our judges. Hosted by Louise Cantillon.
Violet Gibson

NUA - Dé Céadaoin 22/09 @ 21:30
Scéal Violet Gibson, bean as Éirinn a scaoil urchar leis an deachtóir Iodálach Benito Mussolini i 1926, le súil é a fheallmharú ach níor éirigh léi. Dúirt údaráis na hIodáile agus na Breataine go raibh Violet as a meabhair agus chaith sí an chuid eile dá saol faoi ghlas i dtithe gealt.
The story of Irish woman Violet Gibson who shot and almost assassinated Italian dictator Benito Mussolini in 1926. Declared insane by both the Italian and British authorities, Violet spent the last 30 years of her life incarcerated in lunatic asylums.
Rugbaí Beo

Ag tosú Dé hAoine 24/09 @ 19:30
Craolfar 26 cluiche de chraobhchomórtas Rugbaí aontaithe ar Rugbaí Beo TG4 ina mbeidh clubanna chúigí na hÉireann chomh maith le 16 cluiche ina mbeidh foirne clubanna idirnáisiúnta.
TG4’s Rugbaí Beo will broadcast 26 games in the new United Rugby Championship involving Irish provincial clubs and an additional 16 games featuring international club sides.
Timpeall Orainn

NUA - Ag tosú Dé Luain 27/09 @ 15:45 ar Cúla4
Sraith oideachasúil ina bhfiosraíonn muid na bealaí ar féidir linn acmhainní an domhan mórthimpeall orainn a chaomhnú ar bhonn suimiúil, spraíúil, sóisialta, agus muid ag baint úsáid as na teicnící is úire.
An educational series in which we explore how to conserve the resources of the world around us in an interesting, fun, social way, using the most up to date techniques.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv