Slí na mBeaglaoich
More on TG4
Underdogs

NUA - Ag tosú Déardaoin 15/09 @ 21:30
Tá sraith chlúiteach CLG TG4 Underdogs ar ais agus is ag lascadh na gcamán a bheidh siad an uair seo. An n-éireoidh leo an chéad Joe Canning eile a aimsiú? Beidh ar an mbainistíocht bóthar a thabhairt d’imreoir amháin gach seachtain.
The Underdogs are back! Will they find the next Joe Canning? Each week Management will have to drop one or more of the players from the Underdogs camp, as only 30 can come with them to play the ultimate challenge match.
Rugbaí Beo

URC - Ag tosú Dé Sathairn 17/09 @ 19:00
Beidh clár aitheanta rugbaí TG4, Rugbaí Beo, ar ais i Mí Mheán Fómhair leis an aicsean is fearr ón gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe. Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh séasúr lán d’aicsean amach romhainn agus breis is 40 cluiche beo le craoladh, agus beidh cúigí na hÉireann ag iarraidh a gcumas a léiriú arís in aghaidh foirne ceannasacha na hAfraice Theas.
TG4’s flagship rugby programme Rugbaí Beo returns to our screens in September with all the best action from the United Rugby Championship. With over 40 live games, this season promises to be full of drama as the Irish provinces seek to reassert themselves against the emerging dominant South African sides.
Íospartaigh na Lochlannach

NUA - Dé Céadaoin 14/09 @ 21:30
An uair ba threise a bhí trádáil na sclábhaithe ag na Lochlannacha shín sí ó imeall thiar na hEorpa go dtí an Meánoirthear. Déantar iniúchadh sa scannán seo ar shaol na bpriosúnach seo trí shúile bheirt sclábhaí as Éirinn, Findan agus Melkorka. Bainfidh muid úsáid as cuntas pearsanta Findan a scríobh sé i Mainistir Rheineau san Eilvéis tar éis dó éalú óna ghabhálaithe.
The Slave trade during the Viking era stretched all over Europe and in to the Middle East. Through the eyes of two Irish captives, Findan and Melkorka we see the lives these slaves endured and shed new light on the reasons the Vikings needed so many captives to work their economy.
Scéalta na gCorn

NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 14/09 @ 20:30
Tá Gráinne McElwain ag iarraidh tuilleadh a fháil amach faoi na trófaithe agus coirn éagsúla CLG a bhronntar ar fud na tíre. Gheobhaidh sí amach freisin faoin tábhacht a bhaineann leo sna contaetha agus pobail sin agus mar a fuair na trófaithe sin a gcuid ainmneacha anuas trí na blianta.
Gráinne McElwain is on a mission to learn more about the vast array of GAA silverware up for grabs around the country, its importance within counties and communities and how different cups and trophies have got their names over the years.
Cneasaithe

NUA - Dé Céadaoin 28/09 @ 21:30
Rachaidh Máirtín Tom Sheáinín ar thuras timpeall na tíre chun a fháil amach an bhfuiltear fós i mbun leigheas bunaithe ar chreidimh i measc mhuintir na hÉireann. Gheobhaidh sé amach gur iomaí bealach a bhféadfadh an bua seo a bheith ag duine – deirtear go mbíonn bua an leighis ag seachtú mac an seachtú mac agus ag an té ar bhásaigh a athair sular rugadh é nó í.
Broadcaster Máirtín Tom Sheáinín embarks on a trip around Ireland to ascertain if faith healing is still practised around the country. He discovers the many reasons the gift of healing can be bestowed on one – from being a seventh son of a seventh son to someone who’s father died before they were born.
Junior Eurovision 2022

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 18/09 @ 20:30
Táthar sa tóir ar amhrán na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Tabharfar deis do mhuintir na hÉireann iomaitheoir óg a roghnú i mbliana den chéad uair RIAMH. Beidh scoth na n-amhránaithe óga ar fud na hÉireann, idir 9 agus 14 bliain d’aois, ag glacadh páirt sa chomórtas. San Airméin a bheidh comórtas na bliana seo.
The search for Ireland’s entry for the 2022 Junior Eurovision is on! For the first time EVER, the Irish public will have their say in choosing Ireland’s young contestant. Over the series the best young singers, aged 9-14, from around Ireland will compete in the competition. This year the song contest will take place in Armenia.
Ros na Rún

NUA - Ag tosú Dé Máirt 06/09 @ 20:30
Is in am agus i dtráth is fearr díoltas a bhaint amach agus is fada go bhfaighidh lucht leanúna Ros na Rún, an t-aon sraith drámaíochta Gaeilge atá suite faoin tuath in Éirinn, amach an é Briain a bhainfidh an díoltas sin amach nó an é féin a gheobhaidh atá ag dul dó ar deireadh?
“Revenge is a dish best served cold” and the loyal fans of the TG4’s Ros na Rún, Ireland’s only Irish Language and rural based drama series, are eager to see if Briain get his just desserts, or does he dish them out?
DinoCity

NUA - Luan go Aoine @ 08:45 ar Cúla4
I gcathair na ndineasár, tá Ricky, Tyra, Mamaí Saur, Daid Saur, Daideo Saur agus Mamó Saur. Bíonn an-spraoi ag Ricky agus Tyra gach uile lá! Coinnigh súil ar Ricky, Tyra agus an chuid eile den teaghlach agus iad ag dul ar eachtraí spraíúla in DinoCity!
Ricky, Tyra, Mom Saur, Dad Saur, Grandpa Saur agus Grandma Saur live in the city of dinosaurs. Ricky and Tyra go on hilarious adventures every single day! Join in on all the fun with Ricky, Tyra, and the rest of the family in DinoCity!
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv