Biseach ón Ailse
More on TG4
Iniúchadh TG4 - Uair na Cinniúna

NUA - Dé Céadaoin 21 Meitheamh @ 21:30
Fiosróidh Kevin Magee tionchar an athraithe aeráide in Éirinn, an ghéarchéim is mó atá roimh an gcine daonna san 21ú haois. Rachaidh sé ar fud na tíre chun tuiscint a fháil ar na rioscaí ollmhóra sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha atá romhainn ó chreimeadh cósta go cailliúint speiceas nádúrtha dúchasach agus patrúin aimsire nach féidir a thuar.
Kevin Magee investigates the impact of climate change in Ireland, the greatest crisis facing humanity in the 21st century. He travels throughout the country to discover the enormous social, environmental, and economic risks that we face with from coastal erosion to loss of native natural species and unpredictable weather patterns.
Comórtas Peile na Gaeltachta

BEO - 3, 4 & 5 Meitheamh ar YouTube Spórt TG4 & TG4
Craoladh beo ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill ó Pháirc Peile Naomh Muire, Íochtar na Rosann i nDún na nGall. CARTLANN: Comórtas Peile na Gaeltachta – Tá Cartlann Chomórtas Peile na Gaeltachta de chluichí iomlána agus buaicphointí ó 1997 go 2006 anois ar fáil ar www.tg4.ie/cartlann.
Live coverage of Comórtas Peile na Gaeltachta from Donegal from Páirc Peile Naomh Muire. Presented by Micheál Ó Domhnaill. ARCHIVE: Comórtas Peile na Gaeltachta – The Comórtas Peile na Gaeltachta archive of full matches and highlights for the years 1997 to 2006 are available at www.tg4.ie/cartlann.
Cluiche as Baile

NUA - Déardaoin 1 Meitheamh @ 21:30
Cé go bhfuil siad ina gcónaí thar lear, agus go bhfuil teanga, cúlra agus tíreolaíocht eile i gceist, tá siad ar fad ceangailte le chéile ag an bpaisean amháin sin atá acu do na cluichí Gaelacha. Casfaimid le grúpa éagsúil daoine sna cumainn bheaga agus iontacha CLG i gcathracha ar fud na hEorpa agus iad ag déanamh cairde, ag foghlaim faoi spórt nua agus ag dul in iomaíocht don chorn.
Living abroad, separated by language, background, and geography, but connected by a single passion for Gaelic games. We meet the diverse group of people in the small but mighty GAA clubs in cities across Europe, as they make friends, learn a new sport, and battle for the trophy.
Wild Atlantic Way: A Musical Journey

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 11 Meitheamh @ 20:30
Sraith ceithre chlár a taifeadadh san Amharclann Ríoga i gCaisleán an Bharraigh, ina mbeidh meascán de cheoltóirí Éireannacha ó sheánraí éagsúla i mbun ceoil. Tabharfar léargas ar chósta thiar na hÉireann tríd an gceol, ag taispeáint saol bríomhar an cheoil ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Wild Atlantic Way: A Musical Journey’ is a four-part TV series featuring an eclectic mix of Irish musical artists from various genres, filmed in the Royal Theatre Castlebar. The series takes viewers on a musical tour of the scenic west coast of Ireland, showcasing the vibrant music scene along the Wild Atlantic Way.
Dúirt Bean Liom

NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 7 Meitheamh @ 20:30
Sa tsraith nua seo buailfimid le trí bhean déag ó ghlúin éagsúla a bhfuil taithí saoil fairsing acu chun a ndearcadh a fháil ar cheisteanna móra pearsanta. Ceisteanna amhail caidrimh, colainn, cumhacht, agus cearta na mban, agus mar a théann na ceisteanna sin i bhfeidhm ar mhná lá in ndiaidh laei gcaitheamh a saoil.
In this new four part series we invite thirteen women at different stages of life, and from a range of backgrounds and life experience, to share their opinions on the big personal questions that effect us all, from relationships to body image, power and women’s rights and how these and other issues effect women throughout their lives.
Éire Eile

Sraith Iomlán ar fáil ar Seinnteoir TG4 & YouTube TG4 ó 2 Meitheamh
Sraith faisnéise arna cur i láthair ag Cóilí Collins, nó Shampain mar is fearr aithne air, ina bhfiosraítear na fochultúir éagsúla a thaitníonn le dream óg na hÉireann; ó hip-hap i Luimneach go cispheil cathaoireacha rothaí i gCorcaigh. Déanfar ceiliúradh ar rannpháirtíocht, ar ionadaíocht agus ar an éagsúlacht.
A documentary series presented by Cóilí Collins aka Shampain, that examines various subcultures and scenes enjoyed by Ireland’s youth; everything from hip-hop in Limerick to wheelchair basketball in Cork. A positive celebration of inclusion, representation and diversity.
Night & Day: Ó Dhubh go Dubh

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 18 Meitheamh @ 22:30 & Sraith Iomlán ar Seinnteoir TG4 ó 18/06
Tháinig na sluaite go Ros Comáin anuraidh don chéad Fhéile Night and Day. Suite i dTeach Chluain Mhalais, áit atá báite i gceol agus staire na tíre, bhí ceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta ar nós Villagers, Mary Wallopers, Orla Gartland agus John Grant le fheiceáil thar an deireadh seachtaine. Curtha i láthair ag an gcraoltóir Kayte O’Malley agus an t-amhránaí Cian Ó Maonlaí.
Last September saw crowds flock to Co Roscommon for the inaugural Night and Day Festival. Set in the historic surrounds of Clonalis House, the weekend featured a stellar line-up of Irish and international acts including Villagers, Mary Wallopers, Moxie, Orla Gartland and John Grant. Hosted by broadcaster Kayte O’Malley and singer Cian Ó Maonlaí.
Cruinniú na nÓg 2023

YouTube Cúla4, Seinnteoir Cúla4 & TG4
Is ceiliúradh ar chruthaitheacht agus ar nuálaíocht na n-óg é Cruthaím, a chuireann go mór le hócáid Chruinniú na nÓg 2023. Craolfar dhá sraith nua ar Cúla4, Ealaín Ghainimh agus Spraoi Samhlaíoch agus beidh gearrscannán “Sean-Nós” ar TG4 agus ar sheinnteoir TG4.
Cruthaím celebrates young people’s creativity and innovation and adds to the event of Cruinniú na nÓg 2023. Two new series will be broadcast on Cúla4, Ealaín Ghainimh and Spraoi Samhlaíoch while a short movie “Sean-Nós” will be broadcast on TG4 and the TG4 Player.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv