An Cuan
More on TG4
Underdogs

NUA - Ag tosú Déardaoin 04/11 @ 21:30
Tá Underdogs ar ais le Peil na mBan. Níl ach sé mhí acu painéal peile a chur le chéile atá sách maith le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír. Ar an taobhlíne beidh an fhoireann bainistíochta, Mickey Ned O’Sullivan, Caoimhín Ó Casaide agus Michelle Ryan, iar-pheileadóir na nDéise.
TG4’s legendary series ‘Underdogs’ is back with Ladies Gaelic Football. The Management team of iconic footballers; Mickey Ned O’ Sullivan, Kevin Cassidy and Michelle Ryan only have 6 months to put together and prepare a squad of unknown players with enough drive, skill and passion to take on one of the Country’s greatest Gaelic Football teams.
Small Axe

NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 17/11 @ 22:30
Sraith 5 chlár ina dtugtar léargas ar phobal de chuid na nIndiacha Thiar i Londain. Déanfar na deacrachtaí agus na dúshláin a mbíonn ar ghrúpaí mionlaigh aghaidh a thabhairt orthu i sochaí níos leithne nach gcuireann mórán fáilte rompu a insint trí scéal cheathrar carachtar ar leith.
This series of films for television is based on the real-life experiences of London’s West Indian community. Set between 1969 and 1982, these standalone stories celebrate courage and community. From a group of activists taking on a seemingly hopeless battle against police persecution, to a teenager experiencing a blues party full of dance, danger and romance, they’re a powerful reminder of how brave individuals can spark change.
Cispheil Beo: Euro Basket Qualifiers

NUA - Dé Domhnaigh 14/11 & 28/11 @ 16:50
Tabharfaidh foireann Sinsir Ban na hÉireann aghaidh ar Phoblacht na Seice i gcluiche cáilithe Eurobasket 2023. Beo ón Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Cheallaigh agus is é Mac Dara Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta. Ar an 28 Samhain tabharfaidh foireann Sinsir Fir na hÉireann aghaidh ar an Ostair ina gcluiche cáilithe.
The Irish Senior Women’s team will take on the Czech Republic in the Eurobasket 2023 qualifier. Live from the National Basketball Arena in Tallaght. Presented by Máire Treasa Ní Cheallaigh, with commentary by Mac Dara Mac Donncha. On the 28th November the Irish Senior Men’s team will take on Austria in their qualifier.
Guaranteed Irish

NUA - Sraith 2 ag tosú Déardaoin 04/11 @ 21:00
Filleann Guaranteed Irish le sraith nua seacht bpáirt ina rachaimid taobh thiar de na gnóthaí is rathúla sa tír seo. Buailimid leis na daoine, tugaimid cuairt ar a n-áitribh agus cloisimid a gcuid scéalta pearsanta agus gnó inspioráideacha. Á chur i láthair ag Mary Kennedy.
Guaranteed Irish returns with a new seven part series where we goes behind the scenes of some of this countries most successful businesses. We meet the people, visit their premises and hear their inspirational personal and business stories. Presented by Mary Kennedy.
Fargo

NUA - Sraith 2 ag tosú Dé Máirt 16/11 @ 22:30
Tabharfaidh an tsraith seo chomh fada le Sioux Falls, South Dakota agus Luverne, Minnesota muid sa bhliain 1979. Rachaidh an garda óg Lou Solverson, nach bhfuil i bhfad tagtha abhaile as Vítneam, ag fiosrú cásanna atá ag déanamh tinnis do mhuintir Sioux Falls agus Luverne.
The all new “true crime” case in Fargo’s latest chapter takes you back to 1979 in Sioux Falls, South Dakota and Luverne, Minnesota. Lou Solverson, a young State Police Officer recently back from Vietnam, investigates a case involving a local crime gang, a major mob syndicate and a small town beautician, Peggy Blumquist, along with her husband Ed, the local butcher’s assistant.
TG4 @ 25

Leabhar Nua - Ar fáil ó Cló Iar-Chonnacht
Pictiúir agus cuimhní cinn atá sa leabhar seo, a thugann aitheantas go príomha do lucht léirithe clár le cúig bliana is fiche; na léiritheoirí, láithreoirí agus scríbhneoirí a chruthaigh cláracha do TG4. Tá cuimhní cinn ó Cheannasaithe TG4 mar aon le réamh-mhír leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn istigh ann.
The book is a series of memoirs and photographs, which gives recognition to the programme makers, producers, presenters and writers who have contributed to the creativity and success of TG4. The preface of the book is written by President Michael D. Higgins.
Badmantan Beo - Irish Open 2021

NUA - Dé Sathairn 20/11 @ 12:55
Badmantan Beo ón Láthair Náisiúnta faoi dhíon i mBaile Átha Cliath. Cluichí Ceannais na bhfear agus na mban agus na cluichí ceannais dúbailte ina measc.
Live Badminton from the National Indoor Arena in Dublin. Including the men’s, women’s and doubles finals.
Timpeall Orainn

Gach Luan @ 15:45 ar Cúla4 na nÓg
Sraith oideachasúil ina bhfiosraíonn muid na bealaí ar féidir linn acmhainní an domhan mórthimpeall orainn a chaomhnú ar bhonn suimiúil, spraíúil, sóisialta, agus muid ag baint úsáid as na teicnící is úire.
An educational series in which we explore how to conserve the resources of the world around us in an interesting, fun, social way, using the most up to date techniques.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv