Meanapás: Meon Nua
More on TG4
Oireachtas na Samhna

Féach Siar ar an Scléip Anseo!
Na taifeadtaí uilig ón tOireachtas. Ina measc Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Comórtas Agallamh Beirte, Comórtas Sean Nós na mBan, 7Lá Speisialta ón Oireachtas, Comórtas Lúibíní, Comórtas Amhrán Nuachumtha, Comórtas Sean-Nós na bhFear, Nuacht TG4 ón Oireachtas, Lár Stáitse 2022, Steip Beo 2022 agus Corn Uí Riada.
All of the recordings from the Oireachtas. Including Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Comórtas Agallamh Beirte, Comórtas Sean Nós na mBan, Special 7Lá from the Oireachtas, Comórtas Lúibíní, Comórtas Amhrán Nuachumtha, Comórtas Sean-Nós na bhFear, Nuacht TG4 from Oireachtas na Samhna, Lár Stáitse 2022, Steip Beo 2022 and Corn Uí Riada.
Cois Móire

NUA - Dé Céadaoin @ 21:30
Mar a rinne Annraoi Ó Liatháin roimhe, bainfidh Diarmuid Ó Drisceoil leas as a leabhar Cois Móire chun é a threorú trí chroílár na Mumhan. Tosóidh sé ag foinse na habhann i gContae Chiarraí agus críochnóidh sé ag an inbhear in Eochaill.
Following in the footsteps of Annroai Ó Liathain, using his book Cois Móire as a guide, Diarmuid Ó Drisceoil will travel the river Blackwater, the spine of Munster, from its source in Kerry to the sea in Youghal.
Opry le Daniel ar Turas

NUA - Dé Máirt 8/11 @ 21:30
Beidh Opry le Daniel ar Turas ag tabhairt aghaidh ar an Amharclann Ríoga i bPort Láirge don tsraith seo. Beidh 8 gclár bríomhar sa tsraith agus beidh amhránaithe mór le rá ar an ardán le Daniel O’Donnell. Beidh Karan Casey agus Foster & Allen ar an gclár den chéad uair riamh agus beidh Margo, Mick Flavin agus neart eile ar stáitse freisin.
Opry le Daniel ar Turas is going to the Royal Theatre in Waterford for series 12. Eight programmes packed with the best of Country Music and hosted by the King of Country, Daniel O’Donnell. We welcome Karan Casey and Foster & Allen to Opry for the first time this year and we are joined by music legends such as Margo, Mick Flavin and many more.
Mná na Talún

NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 23/11 @ 20:30
Leanann Mná na Talún ceathrar feirmeoirí mná ar feadh séasúr iomlán feirmeoireachta: Úna Ní Bhroin i mBéal Átha na Sluaighe, Hannah Doherty ar an teorainn idir Dún na nGall agus Doire, Bríd Ní hIcí i nGaoth Dobhair agus Clíona Ní Conghaile ar Inis Mór.
Mná na Talún follows four female farmers over the course of a single farming year: Úna Ní Bhroin in Ballinasloe; Hannah Doherty on the Derry-Donegal border; Bríd Ní hIcí in Gaoth Dobhair ; and Clíona Ní Conghaile on Inis Mór.
Scoil Samhraidh Willie Clancy

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 20/11 @ 21:30
Sraith nua ceoil thraidisiúnta ina mbeidh an tsiamsaíocht agus an ceol is fearr ó Scoil Samhraidh Willie Clancy a bhí ar siúl i mí Iúil 2022. Tugann Scoil Samhraidh Willie Clancy gach gné den traidisiún le chéile – na foghlaimeoirí, na damhsóirí, na hamhránaithe, na héisteoirí, na ceoltóirí óga atá ag teacht chun cinn agus na ceoltóirí gairmiúla.
This new traditional music series brings together the very best in entertainment and traditional music from Scoil Samhraidh Willie Clancy in July 2022. As a festival, Scoil Samhraidh Willie Clancy showcases every single aspect of the tradition – the learners, the festival enthusiasts, the dancers, the singers, the discerning listeners, the younger modern players and the professionals.
Snugcheol

Ar Seinnteoir TG4
Beidh cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír páirteach sa tsraith nua ceoil seo agus iad ag ceol i gclúideacha ar fud na tíre. Beidh leithéidí Liam Ó Maonlaí, Susan O’Neill agus Jack Talty i measc cheoltóirí na sraithe.
In this new music series, we will see and hear tunes from some of our favourite traditional musicians – in some of the most famous and quirky snugs in the country. Among those musicians featured are Liam Ó Maonlaí, Susan O’Neill and Jack Talty.
The Sinner

NUA - Dé Céadaoin @ 22:30
Cé go bhfuil sé fós ag teacht aige féin ón méid a tharla le cás a bhí aige bliain ó shin, téann Harry Ambrose go hOileán Hanover i dtuaisceart Maine le haghaidh saoire téarnaimh a bheith aige in éineacht lena bhean Sonya. Ach nuair a tharlaíonn tubaiste a raibh baint ag iníon theaghlach mór le rá ar an oileán leis, cuirtear fios ar Ambrose chun cuidiú leis an bhfiosrúchán.
Still reeling from the trauma of a previous case a year ago, the now-retired Harry Ambrose travels to Hanover Island in northern Maine for a recuperative getaway with his partner, Sonya. When an unexpected tragedy occurs involving the daughter of a prominent island family, Ambrose is recruited to help the investigation.
Miraculous: Eachtraí Bhóín Dé agus an Chait Dhuibh

Luan - Aoine @ 16:20 / Seinnteoir Cúla4
Athraíonn beirt dhéagóir, Marinette ague Adrien, ina sárlaochra nuair atá a gcathair i mbaol. Ach an féidir le Bóín Dé agus An Cat Dubh Páras a shabháil ó Chonach agus a phleananna olca?
Marinette and Adrien, two normal teens, transform into superheroes when evil threatens their city. But can Ladybug and Cat Noir save Paris from the terrible machinations of Hawk Moth?
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv