Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Junior Eurovision 2021

 

 
 
Tá JUNIOR EUROVISION ar ais! An bhfuil tú in ann aige?
 
An amhránaí den scoth thú? An mbeidh tú idir 9 agus 14 bliana d’aois an Fómhar seo chugainn?
 
Táimid ANOIS ag glacadh iarratas do CHOMÓRTAS AMHRÁNAÍOCHTA JUNIOR EUROVISION 2021.
 
Cuirfear babhtaí na hÉireann ar siúl de réir threoirlínte an HSE agus beidh siad faoi réir na srianta COVID 19 a bheidh i bhfeidhm ag an Rialtas ag an am. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta JUNIOR EUROVISION 2021.
 
Arú anuraidh chuir Anna Kearney muintir na hEorpa faoi gheasa lena guth agus a hamhrán ‘Banshee’ sa Pholainn. Cé a dhéanfaidh an beart in 2021? An tusa a bheidh ann? Seo do sheans!
 
Chun iarratas a dhéanamh, ní theastaíonn uait ach guth iontach! Tá fáilte roimh amhránaithe aonair agus grúpaí ina bhfuil seisear ar a mhéad (as an teaghlach céanna) iarratas a dhéanamh.
 
An 1 Aibreáin 2021 an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh.

 


 
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Adare Productions ag an uimhir 083 1322683 Ríomhphost junioreurovision@adareproductions.ie