S1 E1 1h 11m
Rachaidh an ceoltóir aitheanta Louise Mulcahy ar aistear corraitheach agus í ag iarraidh scéalta bhanphíobairí eisceachtúla a thabhairt chun solais, mná a ndearnadh fáilí orthu nuair a fágadh ar lár as stair chultúrtha na tíre iad. Buailfidh sí le ceoltóirí agus scoláirí a thabharfaidh léargas níos fearr di ar na constaicí a bhí roimh na mná seo sna tréimhsí dúshlánacha inar mhair siad ó lár an 19ú aois chuig na 1950aidí agus níos faide anonn. Beidh taispeántais cheoil den chéad scoth ar an gclár mar cheiliúradh ar bheatha na mban úd agus in ómós dá gcumas ceoil.
Béarlafr
19 Nollaig 2021