S1 E1 49m
Sraith ceoil thraidisiúnta nua le scoth an cheoil ó Fhéile na Tána á chur i láthair ag an gceoltóir agus cumadóir aitheanta, Zoë Conway. Is iad Zoë agus a fear céile John McIntyre a eagraíonn Féile na Tána, áit a gcruinníonn togha na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ó cheantar Oiriall agus ó áiteanna níos faide i gcéin. Is fearr aithne atá ar Zoë as bheith ag ceol ar ardáin mhóra an domhain ach beidh sí ag láithreoireacht do TG4 den chéad uair sa tsraith seo. Beidh Zoë agus John féin, Piaras Ó Lorcáin, Micky Fearon, Cormac agus Éamonn de Barra, agus ceoltóirí óga Sin É le cloisteáil sa gclár.
Béarla
13 Samhain 2026