Am Abú

Cúla4Cula4 Post

Sraith drámaíochta nua é Am Abú! faoi na heachtraí barrúla a bhíonn ag Leithreas Lugh dána. Tá an diabhal ar Lugh a bheith ag athrú cúrsaí staire agus síos sa leithreas draíochta leis ag scaipeadh bréagnuacht agus fíricí bréagacha.

BéarlaGaeilge G

Sraith drámaíochta nua é Am Abú! faoi na heachtraí barrúla a bhíonn ag Leithreas Lugh dána. Tá an diabhal ar Lugh a bheith ag athrú cúrsaí staire agus síos sa leithreas draíochta leis ag scaipeadh bréagnuacht agus fíricí bréagacha.

Eipeasóid 10

S1 E10 24m

Téann Leithreas Lugh siar san am chun D-Day a stopadh. Tuigeann Fionn agus Nóra go bhfuil rudaí as riocht nuair a bhéiceann póilín orthu i nGearmáinis! Beidh orthu dul siar san am chun Lugh a stopadh ach céard a tharla in Éirinn a d'imir tionchar ar D-Day?...

Eipeasóid 9

S1 E9 23m

Téann Leithreas Lugh siar san am chun Éirí Amach na Cásca a stopadh. Tá Fionn agus Nóra sa meaisín ama ag caint leis an intleacht shaorga atá sa meaisín. Nuair a stopann an intleacht shaorga ag caint leo socraíonn siad cluiche cláir a imirt rud a fhágann nach bhfuil aon duine ag coinneáil súil ar Lugh!...

Eipeasóid 8

S1 E8 24m

Tá Leithreas Lugh ag ceapadh go bhfuil sé in am Dlíthe na mBreithiúna a thabhairt ar ais. Téann sé siar san am chun pósadh Aoife agus Strongbow a stopadh sa chaoi is nach gcuirfear dlíthe na Normannach i bhfeidhm in Éirinn. Faigheann Fionn agus Nóra amach go scarfar óna chéile iad, tá Nóra le cur ar altramas in Albain agus beidh ar Fhionn bogadh go Sceilg Mhichíl. A leithéid de phraiseach! Beidh orthu dul siar san am agus cúrsaí a chur ina gceart....

Eipeasóid 7

S1 E7 24m

Tá Leithreas Lugh tinn den seó agus searmanais a bhaineann Lá Fhéile Pádraig. Nach cuma faoi sheamróga? Tá leithris i bhfad níos fearr! Téann Lugh siar san am chun Naomh Pádraig a stopadh agus é ag iarraidh an Chríostaíocht a thabhairt go hÉirinn. Tuigeann Fionn agus Nóra go bhfuil cúrsaí as riocht nuair a thugann Bean Uí Éilí cuireadh dóibh chuig deasghnátha págánta. Téann an bheirt siar chun Lugh a stopadh agus teacht i gcabhair ar Naomh Pádraig....

Eipeasóid 6

S1 E6 23m

Tá Leithreas Lugh tinn tuirseach de pháistí cliste ag déanamh praiseach dá phleananna. Téann sé siar san am agus athraíonn sé dlíthe a bhaineann le dúshaothrú páistí agus cúrsaí oideachais. Cuirtear Fionn agus Nóra ag obair i gcóras séarachais nuair a dhúisíonn siad! Ní mór dóibh troid ar son a gcearta agus smaoiníonn siad ar phlean le cabhair ó pháistí eile....

Eipeasóid 5

S1 E5 24m

Tugann Leithreas Lugh cúnamh do na Lochlannaigh Cath Chluain Tarbh a bhuachan agus bíonn a gcultúr fós le brath go láidir in Éirinn dá bharr. Bhí an ceart ag na Lochlannaigh dar le Lugh, is maith an rud a bheith ag gadaíocht agus ag foghlaíocht, agus tarraing tua anuas ar dhuine ar bith nach n-aontaíonn leat! Tugann Fionn agus Nora faoi deara nach bhfuil gach rud i gceart ach stopann buíon chreiche de chuid na Lochlannach iad sula dtéann siad siar san am....

Eipeasóid 4

S1 E4 24m

Tá Leithreas Lugh ag ceapadh go bhfuil sé in am cead vótála a bhaint de na mná agus téann sé siar san am chun cuir isteach ar obair na sufraigéidí. Téann Fionn agus Nora iad féin siar san am chun cúnamh a thabhairt do sufraigéidí agóid a eagrú ach ní fada go bhfeiceann siad go bhfuil an cainteoir, an Chuntaois Markievicz, fuadaithe ag Lugh! An éireoidh leis na laochra cúrsaí staire a chur ina gceart?...

Eipeasóid 3

S1 E3 22m

Tá an áit bréan ag na hastaíochtaí atá ag teacht as Tigh Leithreas Lugh! Téann sé siar san am chun stop a chur leis an eolaí as Éirinn, John Tyndall agus lena chuid oibre maidir le gáis ceaptha teasa. Caithfidh Fionn agus Nóra dul siar go dtí na 1850idí chun tubaiste aeráide a stopadh....