Aperitíf

SiamsaíochtRéaltachta/DúshlánSaolchlárGrá

Sraith nua chleamhnais é Aperitíf ina gcuirfear béile agus b'fhéidir grá chun boird cúrsa ar chúrsa. Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne i ngach clár, agus beidh duine nua os a gcomhair don chéad chúrsa, don phríomhchúrsa agus don mhilseog. Gheobhaidh na hiarrthóirí an deis aithne a chur ar a chéile agus beidh neart gáire agus comhrá ionraic acu freisin. Nuair a bheidh blaiseadh beag faighte ag na hiarrthóirí den triúr, beidh orthu duine amháin a roghnú chun leanúint leis an gcúirtéireacht.

Béarla 15A

Eipeasóid 6

S1 E6 51m

Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne. Is iad Julie, Justin agus Conor a bheidh ar an gclár agus rún acu duine éigin a mhealladh. Is cinnte nach gcasfaí mórán daoine ort ar nós Justin, feirmeoir agus fear grinn, ach an gcabhróidh sé sin leis páirtí a fháil dó féin?...

Eipeasóid 5

S1 E5 51m

Is fánach an chaoi a thitfeadh duine i ngrá ar Aperitíf. Cuireann Mairéad agus Cuan fáilte roimh Brady, Sarah agus Seán agus iad sa tóir ar pháirtí. Is fear grámhar Brady ach an mbeidh am aige don ghrá agus dhá mhadra déag sa mbaile aige?...

Eipeasóid 4

S1 E4 50m

Sraith nua chleamhnais é Aperitíf ina gcuirfear béile agus b'fhéidir grá chun boird cúrsa ar chúrsa. Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne i ngach clár. Is iad Loui, James agus Cian a bheidh ar chlár na seachtaine seo. Is DJ é Loui, tá James an-tógtha le fiacla geala agus tá eagla ar Chian roimh Ghlúin Z, beidh an-spraoi ag Mairéad agus Cuan orthu....

Eipeasóid 3

S1 E3 51m

Tá an bord réitithe le haghaidh bia agus na hiarrthóirí réitithe amach. Cuirfidh Mairéad agus Cuan fáilte roimh Niamh, Brian, agus Cian anocht. Rachaidh an triúr sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne. Ceapann Cian go mbeidh sé in ann duine éigin a mhealladh le hamhrán....

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Sraith nua chleamhnais é Aperitíf ina gcuirfear béile agus b'fhéidir grá chun boird cúrsa ar chúrsa. Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne i ngach clár. Gheobhaidh na hiarrthóirí an deis aithne a chur ar a chéile agus beidh neart gáire agus comhrá ionraic acu freisin. Nuair a bheidh blaiseadh beag faighte ag na hiarrthóirí den triúr, beidh orthu duine amháin a roghnú chun leanúint leis an gcúirtéireacht. Cuirfidh Mairéad agus Cuan fáilte roimh Tadhg, Marc , agus Sorcha an tseachtain seo agus iad triúr sa tóir ar ghrá....

Eipeasóid 1

S1 E1 51m

Trí choinne gan aithne , trí chúrsa blasta agus cinneadh mór amháin - sin é oideas Aperitíf. An tseachtain seo buaileann Facthna, Isibéal agus Oisín lena gcuid comhluadar nua agus iad ar thóir an ghrá. Tá Oisín den tuairim go gcuirfidh a chuid tatúnna froganna go mór lena mhealltacht, ach an mbeidh a chuid comhluadar den bharúil chéanna? Beidh gáire, comhrá macánta agus seans maith go n-eascróidh rómáns....