S2 E11 10m
Sraith amhránaíochta do pháistí é Bígí ag Ceol á cur i láthair ag John Sharpson. Díreofar i ngach eagrán ar amhrán Gaeilge do pháistí - amhrán a bheidh nuachumtha ag John agus ag na páistí i dteannta aoi-speisialta ón mbanna ceoil BÍGÍ AG CEOL. Beidh meascán seánraí ceoil i gceist - ó cheol traidisiúnta, hip-hop go popcheol - agus tabharfar léargas ar an éagsúlacht agus ar an saibhreas ceoil atá á chumadh i nGaeilge in Éirinn faoi láthair. Daltaí Ghaelscoil Chluain Dolcáin a rachaidh i mbun pinn an tseachtain seo chun amhrán a chumadh faoi na séasúir.
Gaeilge
09 Eanáir 2024