Call My Agent!

DrámaíochtGeandrámaíochtIdirnáisiúnta

Is minic le gníomhairí tallainne Mathias, Gabriel, Andrea agus Arlette a bheith ag rith ar an tanaí agus iad ag iarraidh conarthaí a fhail do chliaint mór le rá ar nós Cécile de France, Nathalie Baye agus aisteoirí cáiliúla eile. Nuair a théann Camille go Páras ar thóir poist feictear saol na gníomhaireachta agus an méid a tharlaíonn ar chúl an stáiste dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh clú agus cáil a bhaint amach. Nuair a fhaigheann ceannasaí na gníomhaireachta bás bíonn ar an bhfoireann oibriú as lámh a chéile chun an ghníomhaireacht a choinneáil ag imeacht.

Béarla 15A

Eipeasóid 1

S4 E1 57m

Tá Mathias ag tarraingt cainte, an ngabhfaidh sé ag obair d'iomaitheoirí ASK nó an dtosóidh sé a ghníomhaireacht féin? Tá Andréa ag streachailt leis an ualach oibre a thagann lena post nua agus insíonn sí bréag do Charlotte Gainsbourg faoi script nach bhfuil léite aici. Glacann an t-aisteoir leis an bpáirt is bíonn sé ródheireanach nuair a thuigeann Andréa nach bhfuil cuma ná caoi ar an script!...

Eipeasóid 2

S4 E2 53m

Táthar ar a míle dícheall in ASK cliaint Mathias a choinneáil ó d'fhógair sé ag searmanas bronnta César go raibh sé ag dul ag obair do Mediawan. Tá Andréa meáite an ghníomhaireacht a shábháil agus cuireann sí brú ar Gabriel casadh le Franck Dubosc chun a chuir ina luí air dul ag obair leis....

Eipeasóid 3

S4 E3 55m

Cé go bhfuil Andréa i gcruachás í féin tugann sí cúnamh do Garcia fadhb a bhaineann le cúrsaí grá a réiteach. Tá moladh fíorspéisiúil ag Elise Formain....

Eipeasóid 4

S4 E4 1h 6m

Tá a sáith le déanamh ag Camille ag cur in aghaidh Mathias faoi chearta scannáin a fháil do leabhar sárdhíola. Tá a dhóthain le déanamh ag Gabriel é féin ag iarraidh a chur ina luí ar Sandrine Kiberlain gan a gairm bheatha a chur i mbaol trí dul ag obair mar bhean ghrinn. Ní bhíonn sé do mhisneach aige a rá léi nach bhfeilfeadh an cineál sin oibre í agus socraíonn sé glaoch ar Muriel Robin go n-inseoidh sí di cé chomh deacair is atá saol an fhuirseora....

Eipeasóid 5

S4 E5 59m

Tagann Sigourney Weaver go Páras le haghaidh scannán nua Guillaume Galliene is ní mó ná sásta a bhíonn sí nuair a fhaigheann sí amach nach é Gaspard Ulliel a bheidh ina leannán aici sa scannán ach aisteoir atá sna hochtóidí! Bíonn sí maslaithe agus díomách agus socraíonn sí filleadh ar Mheiriceá ar an bpointe boise. Cé go n-éiríonn le Andréa a chur ina luí uirthi fanacht ní shásóidh tada Weaver ach Gaspard a bheith ina leannán aici sa scannán....

Eipeasóid 6

S4 E6 1h

Is iomaí feall atá déanta ar ASK, tá an ghníomhaireacht faoi bhrú agus tá an fhoireann ar a ndícheall ag iarraidh an comhlacht a choinneáil i mbun gnó. Téann siad i dteagmháil le Jean Reno ag súil go mbeidh an t-aisteoir mór le rá in ann cabhrú leo ach faigheann Andréa amach go bhfuil sé ag éirí as an aisteoireacht! Is cosúil go mbíonn an ghníomhaireacht réidh nuair a éiríonn leis an bhfoireann Jean a mhealladh chun scannán amháin eile a dhéanamh....