Ceol ón gCré

FaisnéisCúrsaí Daonspéise/ÁitiúlaCeolCeol TraidisiúntaCeol na nDaoine

Sraith ceoil thraidisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar na nósanna agus na traidisiúin a fhaightear faoin tuath in Éirinn. Beidh an t-amhránaí Nell Ní Chróinín ag caitheamh súil ar chúrsaí ceoil agus cultúir faoin tuath in Éirinn in 2024.

Béarla PG

Sraith ceoil thraidisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar na nósanna agus na traidisiúin a fhaightear faoin tuath in Éirinn. Beidh an t-amhránaí Nell Ní Chróinín ag caitheamh súil ar chúrsaí ceoil agus cultúir faoin tuath in Éirinn in 2024.

Saothar agus Oidhreacht

Eipeasóid 4 , Saothar agus Oidhreacht

S2 E4 50m

Tabharfaidh Nell Ní Chrónín léargas ar chúrsaí oibre in Éirinn agus ar an gceangal atá idir obair agus ceol i gclár deiridh na sraithe. Is mór an tionchar a d'imir obair ar phobail agus ar an ngnáthshaol, agus beidh feirmeoirí, ceoltóirí, agus lucht ceirde le feiceáil ar an gclár. Caithfear súil ar cheirdeanna atá ag dul in éag, athrú meoin i dtaobh na hoibre agus ar an ról a bhí ag an gceol mar shlí beatha agus mar chrann taca san am a caitheadh....

An Bóthar agus An Baile

Eipeasóid 3 , An Bóthar agus An Baile

S2 E3 50m

Is deacair gan trácht ar an imirce nuair a phléitear scéal mhuintir na hÉireann. Fiosraíonn Nell Ní Chrónín scéal na ndaoine a chuaigh thar lear chun saol níos fearr a bheith acu. Tabharfar léargas ar an tionchar a bhíonn ag an imirce ar dhaoine, ó aimsir an Ghorta go dtí an lá atá inniu ann. Thug na hÉireannaigh an ceol leo ar fud an domhain, rud chabhraigh sé leo ceangal a choinneáil leis an mbaile. Léireofar mar a chuaigh an imirce i bhfeidhm ar cheol agus ar fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann sa gclár seo....

Síol agus Bláth

Eipeasóid 2 , Síol agus Bláth

S2 E2 50m

Tugann Nell Ní Chrónín léargas ar fhás aníos in Éirinn sa gclár seo. Léireofar mar chuirtear ceol, amhráin, damhsa, agus scéalta ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Tabharfar léargas ar an spraoi, na cúraim agus an taithí a bhíonn ag daoine óga in Éirinn, idir chluichí traidisiúnta agus nósanna, agus a bheith ag ceol sa mbaile nó i measc an phobail. Déanfar ceiliúradh ar an nasc buan a bhíonn idir páistí agus traidisiúin trí chuimhní cinn agus ceol....

Fréamh agus Dúchas

Eipeasóid 1 , Fréamh agus Dúchas

S2 E1 50m

Caitheann Nell Ní Chróinín súil ar an ról lárnach a bhí ag mná i gcúrsaí cultúrtha in Éirinn. Idir mhná tí agus seanchaithe, ceoltóirí agus amhránaithe, tugtar léargas ar an tionchar a bhí ag mná ar shaol an teaghlaigh agus ar cheol traidisiúnta na tíre. Déanfar ceiliúradh ar na mná a choinnigh leis an traidisiún trí scéalta, cuimhní cinn, ceol agus amhráin agus tabharfar ómós dóibh siúd nach bhfuair an t-aitheantas atá ag dul dóibh....