Contractors

FaisnéisCúrsaí Eolaíochta/Dúlra/TimpeallachtaCúrsaí Daonspéise/Áitiúla

Tá obair mhillteanach le déanamh ar an talamh agus ní féidir le feirmeoirí na hÉireann an obair seo a dhéanamh gan chúnamh. Mar sin faigheann siad cúnamh ó chonraitheoirí feirmeoireachta agus a dteaghlaigh.

Béarla 12A

Tá obair mhillteanach le déanamh ar an talamh agus ní féidir le feirmeoirí na hÉireann an obair seo a dhéanamh gan chúnamh. Mar sin faigheann siad cúnamh ó chonraitheoirí feirmeoireachta agus a dteaghlaigh.

Eipeasóid 1

S3 E1 49m

Is mór an méid oibre a bhíonn idir lámha ag feirmeoirí na hÉireann agus fostaíonn siad conraitheoirí feirmeoireachta chun cabhrú leo. Seo scéalta na ndaoine sin....

Eipeasóid 2

S3 E2 50m

Tá sé ina earrach i Cill Mhantáin agus tá Edward agus James Walshe gafa ag cur amach aoileach fad a bhíonn Pat ag réiteach suímh do dhabhach shéarachais. Tá Tony, Diarmuid, agus Micheál as Droichead na Bandan ag ceannach innealra nua. Ó thuaidh, tá Willie Megaw faoi bhrú ag a innealra féin....

Eipeasóid 3

S3 E3 50m

Tá sé ina shamhradh agus tá gach duine cruógach. Tá Mark Daynes ag treabhadh chun grán buí a chur i gCill Mhantáin fad a bhíonn muintir O'Gorman ag cur fhataí. Tá muintir O'Mahony iad féin ag treabhadh i gCorcaigh agus tá Micheal ar tí an sadhlas a bhaint den uair i mbliana....

Eipeasóid 4

S3 E4 49m

Tá dul chun cinn déanta ag muintir Walshe leis an gcró nua ach ní bhíonn an dara rogha ag James ach a scíth ligean de bharr gortaithe. Tá muintir O'Mahony cruógach ag tarraingt sadhlais i gCorcaigh agus tá Chloe Dennehy ag baint ceart de na Murphys....

Eipeasóid 5

S3 E5 49m

Tá chuile dhuine ag baint tairbhe as aimsir bhreá an tsamhraidh, tá Mark Daynes agus a chriú ar tí tuilleadh sadhlais a bhaint agus tá Willy Megaw réidh chun an mhin bhuí a bhaint. Níl a fhios ag Pádraig Ó Drisceoil ar Cléire ar fearr na tarracóirí nó na cinn nua agus tá na fataí bainte ag muintir O'Gorman i gCill Dara agus iad réidh an eorna bhaint anois....

Eipeasóid 6

S3 E6 49m

Is ag deireadh mhí Iúil is mó a bhíonn obair ag conraitheoirí. Tá Mark Daynes gan stad gan staonadh ag burláil sadhlais agus caithfidh Willy an eorna a bhaint sula mbriseann an aimsir. Tá an cabáiste réidh le baint i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus tá muintir Gallagher i nDún na nGall fós ag baint oisrí....

Eipeasóid 7

S3 E7 49m

Is ag baint gráin bhuí a bhíonn muintir Megaw i gcaitheamh mhí Mheán Fómhair fad a bhíonn Tony O'Mahony ag cur eolas ar meaisín nua i gCorcaigh. Bearrann Laura slám fálta sula nglacann sí páirt i mórchuaird tarracóirí agus bíonn damáiste stoirme ag déanamh imní do Phádraig. Ní stopann an bháisteach Eamonn agus é baint cabáiste, agus baineann muintir O'Gorman an chuid deireadh de na fataí....