Eipeasóid 6
S2 E6 24m
Tá duine de na Príomhchoimisinéirí san Eoraip go dona tinn. Tá Maeve sásta a ualach oibre a ghlacadh uirthi féin. D'fhéadfadh sé go mbeadh ardú céime i ndán di féin agus do Chiarán dá bharr....
Is polaiteoir as Éirinn í Maeve Kelly Clarke a bhfuil post mór nua faighte sa mBruiséil aici. Ach an gcuirfidh an fhoireann nua agus eachtraí nach mbíonn aon smacht aici orthu as go mór di?
S2 E6 24m
Tá duine de na Príomhchoimisinéirí san Eoraip go dona tinn. Tá Maeve sásta a ualach oibre a ghlacadh uirthi féin. D'fhéadfadh sé go mbeadh ardú céime i ndán di féin agus do Chiarán dá bharr....
S2 E5 25m
Tá meáin na hÉireann ag tuairisciú go bhfuil an polaiteoir, Maeve Kelly Clarke, réidh sa Bhruiséil. Chun bean mhaith a dhéanamh di féin, socraíonn Maeve an Comórtas Eoraifíse a thabhairt ar ais chuig Waterloo....
S2 E4 24m
Tá criú scannán faisnéise ag taifeadadh sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Ilteangacha (agus Gníomhaíocht Timpeallachta). Tá an Coimisinéir Kelly Clarke cinnte go leagfaidh an scannán béim ar an ról thar a bheith tábhachtach atá aici féin san Eoraip agus go dtuigfidh gach duine an chumhacht agus an tionchar atá ag a hoifig....
S2 E3 25m
Tá dinnéar eagraithe ag an gCoimisinéir Maeve Kelly Clarke d'Uachtarán an AE, Van De Veld. Tá an Coimisinéir ag iarraidh a chur ina luí ar an Uachtarán gur tír bhreá ábalta í Éire....
S2 E2 25m
Tagann cuairteoirí as Éirinn go dtí an Bhruiséil rud a chuireann as go mór don Choimisinéir Maeve Kelly Clarke. Ní maith léi go bhfuil an tAire Caoimhe Ní Chuinn tagtha go dtí an Bheilg ar chor ar bith....
S2 E1 24m
Tugann an tIar-Aire Iompair, Maeve Kelly Clarke, aghaidh ar an mBruiséil is í anois ina Coimisinéir san Eoraip. Tá sí ar bís dul chun cinn a dhéanamh i saol na polaitíochta san Eoraip. Ní bhíonn sí i bhfad ina post nua nuair a tharlaíonn tubaiste agus is ar Maeve a thiteann an t-ualach. An mbeidh sí in ann aige?...