EIPIC

DrámaíochtClainne/DáimhÓige

Dráma grinn, úr, nua, dalba is ea EIPIC a insíonn scéal chúigear déagóirí a ghlacann seilbh ar an oifig poist áitiúil in 2016 chun réabhlóid ceoil a thosú.

Béarla 15A

Dráma grinn, úr, nua, dalba is ea EIPIC a insíonn scéal chúigear déagóirí a ghlacann seilbh ar an oifig poist áitiúil in 2016 chun réabhlóid ceoil a thosú.

Eipeasóid 1

S1 E1 31m

Sraithdhráma Gaeilge 6 chlár atá suite i saol an lae inniu ach a bhfuil macalla glórach na staire le brath ann. Scéal é faoi chúigear déagóirí a bhfuil cónaí orthu faoin tuath agus atá ar tí réabhlóid cheoil a thosú. Tá súil ag Sully comórtas físeáin ceoil a bhuachan agus éalú ó shaol leamh na tuaithe. Glacann na déagóirí seilbh ar oifig poist atá dúnta. ...

Eipeasóid 2

S1 E2 32m

Sraithdhráma Gaeilge 6 chlár atá suite i saol an lae inniu ach a bhfuil macalla glórach na staire le brath ann. Tá an chéad fhíseán ceoil eisithe ag an mbanna agus is ar Mona a dhíreofar sa chlár seo. Cailín ciúin, lách agus rómánsach amach is amach í Mona nach bhfuil suim aici i dtada eile ach sa cheol agus b'fhéidir Sully!...

Eipeasóid 3

S1 E3 32m

Sraithdhráma Gaeilge atá suite i saol an lae inniu ach a bhfuil macalla glórach na staire le brath ar a chomhthéacs. Tá an banna i mbaol titim as a chéile mar gheall nár éirigh leo sa gcomórtas ceoil. Beartaíonn Oisín cóisir mhór fhiáin a chaitheamh i dteach a mhuintire i lár an lae. Is é Sully an t-aon duine amháin nach bhfaigheann cuireadh ach téann sé ann le súil an triúr eile a mhealladh ar ais chuig an mbanna. Cailleann Oisín guaim air féin ag an gcóisir....

Eipeasóid 4

S1 E4 32m

Ó tharla físeán an bhanna anois a bheith ar fud an idirlín, tá Bea ag iarraidh an deis poiblíochta a thapú. Tá a tuairimí féin ag Moll, iriseoir atá tagtha go Dobhar sa tóir ar scéal. Tá a chuid drugaí uilig caite ag Oisín agus iarrann sé cúnamh ar Sully teacht ar a thuilleadh drugaí - botún mór dar ndóigh....

Eipeasóid 5

S1 E5 32m

Cé go raibh ag éirí le hAodh go dtí seo an dallamullóg a chur ar a athair tá a fhios ag a athair anois gur ar fhíseáin cheoil is nach ar chomóradh ar Eoghan de Barra san Éirí Amach a bhí Aodh ag caitheamh a chuid airgid - agus ní mó ná sásta atá sé!...

Eipeasóid 6

S1 E6 30m

Tá an banna soir siar arís. Tá Sully tar éis Dobhar a thréigeadh. Tá an ceathrar eile, áfach, sásta cabhrú le hAodh leis an léiriú in ómós Eoghan de Barra is fios mhaith acu gur ag seinm ag an imeacht mór le rá 'Terrible Beauty' ba chóir dóibh a bheith. Cá bhfuil a laoch?...