Fíorscéal

FaisnéisCúrsaí Eolaíochta/Dúlra/TimpeallachtaCúrsaí Imscrúdaithe

Sraith a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan le rogha clár faisnéise ón iasacht le hathghuthú Gaeilge. Oscailt súl eile is ea gach clár.

Béarla 18

Sraith a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan le rogha clár faisnéise ón iasacht le hathghuthú Gaeilge. Oscailt súl eile is ea gach clár.

Speicis Ionracha

Eipeasóid 6 , Speicis Ionracha

S27 E6 52m

Tugtar léargas ar an dochar atá speicis Ionracha ag déanamh do chúrsaí éiceolaíochta sa Spáinn sa gclár faisnéise seo. Is mór an dochar a d'fhéadfadh speicis Ionracha andúchasacha a dhéanamh d'éiceachórais, is cuma más in aon turas nó trí thimpiste a thugtar isteach iad. Díreofar ar an tionchar a bhíonn ag na speicis seo ar éiceachórais sa Spáinn, mar a tugadh isteach sa tír iad agus ar na bealaí ar féidir dul i ngleic leo....

An Teaghlach Fiáin - Beo i Measc Iaguair

Eipeasóid 5 , An Teaghlach Fiáin - Beo i Measc Iaguair

S27 E5 52m

Clár faiséise faoi Leandro Silveira agus a chlann a chaitheann an saol ag cosaint ainmhithe neamhchoitianta. Is iomaí cineál ainmhí faoina gcúram iaguair, moncaithe, pearóidí, mic tíre, arcáin talún agus taipirí ina measc....

Shenzhen: An Chathair is Nua-Aoisí ar Domhan

Eipeasóid 4 , Shenzhen: An Chathair is Nua-Aoisí ar Domhan

S27 E4 49m

Clár faisnéise faoi Shenzhen sa tSín, atá ar cheann de na cathracha is forbartha agus is nuálaí ar domhan. Déantar earraí a sheachadadh le dróin, tá na tacsaithe gan tiománaithe agus is féidir íoc le bos na láimhe ach ní tharlaíonn tada i ngan fhios de na ceamaraí agus coinníonn róbait na bpóilíní súil ghéar ar chách. Tá an ráta coiriúlachta poiblí tite 80% ach tá smacht iomlán ag an stáit ar an gcathair agus brúitear aon easaontas faoi chois....

Scairdeitleáin Phríobháideacha - Taisteal agus Airgead

Eipeasóid 3 , Scairdeitleáin Phríobháideacha - Taisteal agus Airgead

S27 E3 54m

Tá beagnach 25,000 scairdeitleán príobháideach in úsáid sa lá atá inniu ann. Is cineál comhartha iad na heitileáin ghalánta seo go bhfuil rath ar an té a leis iad agus go bhfuil neart airgid acu. Ach tá gníomhaithe timpeallachta tosaithe ag coinneáil súil ar scairdeitleáin phríobháideach agus ar na billiúnaithe a bhíonn ag eigilt ar fud an domhain iontu. Caitear súil ar ghnó na scairdeitleán príobháideach sa gclár fainéise seo agus ar an gcaoi a dhéantar iarracht iad a choinneáil faoi rún....

Ith Tuilleadh Crann - Athphlandáil Domhanda

Eipeasóid 2 , Ith Tuilleadh Crann - Athphlandáil Domhanda

S27 E2 53m

De réir meastacháin ó na Náisiúin Aontaithe beidh 90% de thalamh feirme an domhain ídithe faoin mbliain 2050 mura n-athraítear cleachtais feirmeoireachta. Ach tá réiteach ar an bhfadhb. Tá Alfonso agus a bhean chéile Yanniek ag iarraidh fairsingiú fásaigh a stopadh sa Spáinn trí cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe a chur ag obair. Beidh siad le feiceáil sa gclár faisnéise seo agus iad ag tabhairt faoin bhfeirmeoireacht athghiniúnach chun a bhfeirm a shábháil....