Goirt Órga

FaisnéisCúrsaí Spóirt

Déanfar ceiliúradh sa tsraith seo ar airéiní spóirt an domhain, sa mbaile agus thar lear. Féachfaidh Dara Ó Cinnéide ar ionad a mbímid ag imirt iontu ar fud an domhain ó Staid Azteca i Meicsiceo go Páirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, ó Chlub Peile Learphoill go dtí an Currach i gCill Dara.

Béarla G

Déanfar ceiliúradh sa tsraith seo ar airéiní spóirt an domhain, sa mbaile agus thar lear. Féachfaidh Dara Ó Cinnéide ar ionad a mbímid ag imirt iontu ar fud an domhain ó Staid Azteca i Meicsiceo go Páirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, ó Chlub Peile Learphoill go dtí an Currach i gCill Dara.

Eipeasóid 1

S1 E1 50m

Tabharfaidh Dara Ó Cinnéide cuairt ar an athchóiriú atá ar siúl in Anfield, áit a bhfuil ceangail dhoimhne idir muintir na hÉireann agus cumann peile Learphoill. Tá Dara ag tacú leis an bhfoireann seo ar feadh a shaoil agus tá sé ar bís na seomraí feistis agus an seomra cáiliúil "seomra na mbuataisí" a fheiceáil. Bíonn ríméad air nuair a fhaigheann sé amach gur ainmníodh an staid a bhfuil cáil dhomhanda uirthi i ndiaidh baile beag darb ainm Baile na hAbhann i Loch Garman....

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Sa gclár seo, tugtar cead speisialta do Dhara Ó Cinnéide súil a chaitheamh ar an méid a bhíonn ag tarlú sa chúlra i bPáirc an Chrócaigh i rith chluiche ceannais iomána na hÉireann. Labhróidh sé le daoine éagsúla a mhíneoidh an tábhacht a bhaineann leis an ócáid spóirt seo in aigne spóirt na hÉireann. Ansin rachaidh sé go tuaisceart na Breataine Bige áit arb iad Ryan Reynolds agus Rob McElhenney úinéirí nua an chlub áitiúil in Wrexham. Ar ais sa Ríocht, rachaidh Dara ar bhóithrín na smaointe ina bhaile dúchais féin agus caithfidh sé an mhaidin i Staid Mic Gearailt i gCill Airne lena chara mór Tomás Ó Sé....

Eipeasóid 3

S1 E3 50m

Sraith nua ina ndéanfar ceiliúradh ar ionaid spóirt an domhain, sa mbaile agus thar lear. Tá níos mó i gceist le staideanna ná iontais ailtireachta déanta as cruach agus cloch, is ardeaglaisí beo iad áit a dtagann pobail le chéile lena gcuid laochra spóirt a cheiliúradh. Is fíor é seo is cuma más cluiche ceannais contae atá ar siúl i gCiarraí nó cluiche ceannais Chorn an Domhain i gcathair Mheicsiceo. Feicfimid trí cinn de na suíomhanna spóirt is mó le rá in Éirinn chomh maith le lucht féachana TG4 a thabhairt ar thuras timpeall an domhain: chuig ionaid i Meicsiceo, sa tSín, sa gCóiré Theas, sa gCróit agus go leor eile....