Iniúchadh TG4

Cúrsaí ReathaCúrsaí Imscrúdaithe

Sraith cúrsaí reatha ina mbeidh Kevin Magee ag briseadh scéalta agus ag fiosrú na gceisteanna is cúis leis na ceannlínte. Beidh cúrsaí polaitíochta, fadhbanna sóisialta agus anailís ar scéalta ar fud na hÉireann faoi chaibidil in Iniúchadh TG4.

Béarla 16

Sraith cúrsaí reatha ina mbeidh Kevin Magee ag briseadh scéalta agus ag fiosrú na gceisteanna is cúis leis na ceannlínte. Beidh cúrsaí polaitíochta, fadhbanna sóisialta agus anailís ar scéalta ar fud na hÉireann faoi chaibidil in Iniúchadh TG4.

Bánú na Tuaithe

Eipeasóid 3 , Bánú na Tuaithe

S3 E3 50m

Fiosraíonn Kevin Magee an titim i ndaonra na tuaithe agus roinnt clubanna CLG ag streachailt foirne a chur chun páirce. Tugann sé léargas ar an ngéarcheim tithíochta agus ar na constaicí a chaitheann daoine óga a shárú más mian leo cur futhú faoin tuath....

Trump agus na Gaeil

Eipeasóid 2 , Trump agus na Gaeil

S3 E2 48m

Eagrán speisialta d'Iniúchadh TG4 ina dtéann Kevin Magee go Nua-Eabhrac chun tuairimí a fháil ón bpobal Gael-Mheiriceánach faoin Uachtarán Trump agus é ag tabhairt faoin dara bliain dá théarma....

As Láthair

Eipeasóid 1 , As Láthair

S3 E1 49m

Fiosraíonn Kevin Magee na cúiseanna a bhfuil ardú ag teacht ar líon na scoláirí a fhaigheann díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar scoil. Labhraíonn sé le hoideoirí, scoláirí, lucht léinn, múinteoirí agus iad siúd a fhaigheann na díolúintí chun na cúinsí a bhaineann leis an ardú seo a fhiosrú. An bhfuil fíorghá leis na díolúintí seo nó an bhfuiltear ag teacht i dtír ar an gcóras? Deirtear i measc lucht na Gaeilge go bhfuil an baol ann go ndéanfar ábhar roghnach den Ghaeilge mar gheall ar an ardú seo ach deir dream eile go bhfuil géarghá leis na díolúintí céanna....