Laochra na Rásaíochta

SpórtFaisnéis SpóirtRásaí Capaill

Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na capaill ba mhó cáil sa rásaíocht seilge náisiúnta ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann.

Béarla G

Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na capaill ba mhó cáil sa rásaíocht seilge náisiúnta ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann.

Willie Mullins

Eipeasóid 1 , Willie Mullins

S2 E1 50m

Déanfar cur síos ar chuid de na capaill is fearr a thraenáil Willie Mullins - traenálaí Éireannach a bhfuil go leor rásaí buaite aige. Is aige is mó a raibh buaiteoirí aige i bhFéile Cheltenham. Florida Pearl - an capall a chuir go mór le clú Mullins, agus Al Boum Photo - an capall a fuair an Corn Órga faoi dhó, a bhí faoi chaibidil roimhe seo. Déanfar cur síos sa gclár seo ar na capaill bhreátha eile a bhí aige, Hurricane Fly, Faugheen, Annie Power agus Quevega ina measc....

Gold Cup

Eipeasóid 2 , Gold Cup

S2 E2 51m

Féachann 'Laochra na Rásaíochta' ar na capaill rásaíochta is cáiliúla in Éirinn, ag baint leas as míreanna ón gcartlann chomh maith le hagallaimh leis na daoine a raibh baint acu lena rath caithfear súil ghrinn ar a gcuid éachtaí. Sa gclár seo beidh scéalta na naoi gcapall a traenáladh in Éirinn agus a bhuaigh an Corn Órga ag Cheltenham ón mbliain 1996. Tá an Corn Órga ar an gcorn is mó le rá sa léimrásaíocht agus i measc na mbuaiteoirí Éireannacha tá Imperial Call, Kicking King, War Of Attrition, Lord Windermere, Don Cossack, Sizing John, Al Boum Photo, Minella Indo agus A Plus Tard....

Grand National 1

Eipeasóid 3 , Grand National 1

S2 E3 51m

Sa gclár seo déanfar cur síos ar na sé chapall a traenáladh in Éirinn agus a bhuaigh The Grand National idir 1999 agus 2007. Is é an comórtas seo an ceann is mó le rá sa léimrásaíocht agus i measc na mbuaiteoirí Éireannacha tá Bobbyjo, Papillon, Monty's Pass, Hedgehunter, Silver Birch agus Numbersixvalverde....

Grand National 2

Eipeasóid 4 , Grand National 2

S2 E4 51m

Sa gclár seo déanfar cur síos ar na capaill a traenáladh in Éirinn agus a bhuaigh The Grand National le déanaí. Is é an comórtas seo an ceann is mó le rá sa léimrásaíocht agus is iomaí buaiteoir Éireannach a bhí ina measc. Bhuaigh Davy Russell an comórtas faoi dhó ar dhroim Tiger Roll, a bhí traenáilte ag Gordon Elliott. Ba í Rachael Blackmore an chéad bhean a bhuaigh an Grand National ar dhroim Minella Times a bhí traenáilte ag Henry de Bromhead....