Eipeasóid 13
S1 E13 11m
Faigheann Lí Ban amach go raibh Mídenn faoi gheasa ag Balor. Tugann Bíreog nod do Lí Ban go bhfuil draíocht sa gCloch Tathlum. Éiríonn le Bíreog dul i dteagmháil le muintir Lí Bán sa Taobh Thall....
Céard a tharla do Lí Ban gur iompaíodh isteach ina maighdean mhara í agus gur iompaíodh a madra Con isteach ina mhadra uisce? Téann Lí Ban agus Con ag eachtraíocht faoi uisce trí dhomhan na bhfinscéalta Ceilteacha. Casfar déithe, ollphéisteanna, fathaigh agus caimiléirí orthu agus iad ag iarraidh fáil amach faoin méid a tharla dóibh.
S1 E13 11m
Faigheann Lí Ban amach go raibh Mídenn faoi gheasa ag Balor. Tugann Bíreog nod do Lí Ban go bhfuil draíocht sa gCloch Tathlum. Éiríonn le Bíreog dul i dteagmháil le muintir Lí Bán sa Taobh Thall....
S1 E12 11m
Cloiseann Bron go bhfuil a dheirfiúr i ngéibheann agus téann sé féin agus a shaighdiúirí trasna na farraige chun í a shábháil. Éiríonn leo Branwen a thabhairt abhaile slán sábháilte tar éis an achrainn....
S1 E11 11m
Tugann Lí Ban cuairt ar an bhfathach Bron, tá cumha ar Bron i ndiaidh a dheirféar Branwen a phós Rí Matholwch le gairid. Socraíonn Lí Ban dul sa tóir ar Branwen agus insíonn druid di go bhfuil Branwen i mbaol....
S1 E10 11m
Tá ríocht Mhanannáin sroichte ag Lí Ban agus Con agus tá neart ceisteanna acu dó. Insíonn Manannán dóibh gurb é Balor na Súile Nimhe a chur an domhain faoi uisce agus gurb í Bíreog a shábháil iad trí mhaighdean mhara agus madra uisce a dhéanamh dóibh....
S1 E9 11m
Tugann Felimí aghaidh ar an Tír Faoi Thoinn agus é sa tóir ar Chnónna an Eolais. Éiríonn leis iad a fháil ach ní bhíonn sé ag súil leis an eolas a fhaigheann sé....
S1 E8 11m
Stopann Lí Ban ag cuardach Manannán nuair a fheiceann sí ollphéist mhara. Ach níl sé in ann chuig Lí Ban agus tagann sí i gcabhair ar Breesha trí chleas a imirt ar an ollphéist. Is fada le Lí Ban go mbeidh cuma daonna uirthi arís....
S1 E7 11m
Tá an-imní ar Lí Ban faoin nGobán Saor agus é i ngéibheann ag Balor go dtógfaidh sé dún dó. Iarrann an Gobán Saor cúnamh ar a iníon chliste Áine....
S1 E6 11m
Bíonn Lí Ban trína chéile tar éis an méid a bhíonn le rá ag Aonghus ach suaimhníonn ceol Naoise í. Tagann giollaí Bhalor chun an Gobán Saor a thabhairt leo, tá Balor ag iarraidh air dún ollmhór a thógáil....