Mafia

DrámaíochtCoirdhrámaíochtIdirnáisiúnta

Baineann coirpeach, Radovan 'Jakov' Jakovic, leas as an gcáin ard atá ar thobac sa tSualainn agus é ag smugláil toitíní chun domhan na coireachta sa tír a athrú ó bhonn. Ag obair ina aghaidh tá an póilín, Gunn Thörngren, a fheiceann go bhféadfaí maifia a bhunú sa tSualainn leis an airgead a dhéantar ag smugláil toitíní.

18

Baineann coirpeach, Radovan 'Jakov' Jakovic, leas as an gcáin ard atá ar thobac sa tSualainn agus é ag smugláil toitíní chun domhan na coireachta sa tír a athrú ó bhonn. Ag obair ina aghaidh tá an póilín, Gunn Thörngren, a fheiceann go bhféadfaí maifia a bhunú sa tSualainn leis an airgead a dhéantar ag smugláil toitíní.

Eipeasóid 6

S1 E6 43m

Tá bás Goran ag cur as go mór do Jakov agus bíonn sé ag iarraidh an t-airgead ar fad atá aige a fhágáil ag Helena agus Stefan. Tá ráfla scaipthe ag Drago gurb é Jakov a mharaigh Goran. Deir Jakov le Drago go bhfágfaidh sé an gnó aige má tharraingíonn sé siar an ráfla....

Eipeasóid 5

S1 E5 43m

Tagann Gunn ar dhrugaí i gceann de lastais Jakov agus déanann sí iarracht é a ghabháil do choir níos dáiríre ná smugláil toitíní. Faigheann Jakov amach go bhfuil Drago ag úsáid a chuid leoraithe chun drugaí a smugláil i ngan fhios dó....

Eipeasóid 4

S1 E4 43m

Tapaíonn Drago a dheis dúshlán a thabhairt faoi cheannaireacht Jakov i ndiaidh bás Goran. Socraíonn Jakov na fir a mhealladh le hairgead, ag gealladh go bhfuil seisean in ann iad a íoc, ní fearacht Drago. Insíonn Gunn dá comhghleacaithe cé hé an brathadóir chun a coinsias a ghlanadh. ...

Eipeasóid 3

S1 E3 44m

Éiríonn le Gunn Valter a ghabháil a bhuíochas d'eolas Jakov ach ní bhíonn an dara rogha aici ach é a scaoileadh saor arís nuair a chuirtear imeagla ar fhinné. Tuigeann Valter go bhfuil brathadóir ag na póilíní agus cuireann sé iachall ar Goran a fháil amach cé atá ann. Déanann Jakov iarracht a chur ina luí ar Goran an tír a fhágáil....

Eipeasóid 2

S1 E2 44m

Tá borradh faoi ghnó smuglála Jakov agus Goran ach deir seanóir Stócólm, Valter Sokol, leo é a chaitheamh in aer ó tharla go bhfuil siad in iomaíocht leis féin. Socaíonn Jakov dul i bhfolach ach tugann Goran aghaidh ar Valter. Cuireann Jakov scéala chuig Gunn chun Valter a ghabháil agus é ag iarraidh achrann a sheachaint. ...

Eipeasóid 1

S1 E1 44m

Tagann an póilín Gunn Törngren ar lastas de thoitíní smugláilte as an Iúgslaiv. Tugann a fiosrúchan chuig an mionchoirpeach Radovan 'Jakov' Jakovič í agus cuireann sí iallach air eolas a thabhairt di. Ní fada go dtuigeann Jakov go bhfuil airgead le déanamh as a bheith ag smugláil toitíní ó tharla go dteastaíonn airgead ó na Seirbiaigh chun an cogadh san Iúgslaiv a bhuachan....