S1 E2 25m
Tá an bhliain nua linn agus tá ríméad ar na fir i nDún Dealgan a bheith ar ais sa bhothán i ndiaidh babhta eile Covid. Tá dul chun cinn déanta ag lucht Chorr na Móna ar a ngairdín poiblí, is mór an mhaith go raibh rang iPad déanta ag duine de na baill níos aosta i nGaoth Dobhair, agus tá na fir ar an gCeathrú Rua ag díriú ar scileanna traidisiúnta an cheantair. I gCloich Cheann Fhaola, tá súil ag baill an sciobóil gur tháinig a gcuid beach slán ón ngeimhreadh, agus i mBaile Átha Cliath, tá na fir ag cuimhneamh ar dhaoine a cailleadh sa phobal.
Béarla
01 Meitheamh 2023