Ó Mhuir go Tír

FaisnéisCúrsaí Daonspéise/Áitiúla

Tugtar léargas ar na modhanna iompair a bhí agus atá in úsáid chun daoine a thabhairt isteach agus amach as na hoileáin atá ar chósta na hÉireann sa tsraith seo.

Béarla G

Tugtar léargas ar na modhanna iompair a bhí agus atá in úsáid chun daoine a thabhairt isteach agus amach as na hoileáin atá ar chósta na hÉireann sa tsraith seo.

Eipeasóid 4

S1 E4 50m

Sa gceathrú clár den tsraith feicfear imreoirí peile agus lucht leanta ó oileáin mórthimpeall chósta na tíre ag triail ar Árainn Mhór do Comórtas Peile na n-Oileán. Feicfear mic léinn ag tabhairt faoi chéim ealaíne ar Inis Arcáin agus insítear scéal tubaisteach faoi bhád a chuaigh go tóin poill amach ó Árainn Mhór in 1935....

Eipeasóid 3

S1 E3 50m

Feicfear scoláirí Gaeilge ag déanamh a mbealach go Ceann Cléire, Árainn Mhór agus Inis Mór don samhradh sa gclár seo. Caithfear súil siar ar choláistí Gaeilge sna 70idí, 80idí agus 90idí freisin. Beidh an t-aisteoir Fionnuala Ní Fhlaithearta ag déanamh cur síos ar an saol ar Inis Mór agus ar an aisteoireacht....

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Feicfear daltaí bunscoile agus meánscoile ag taisteal isteach agus amach as Árainn Mhór, Inis Arcáin agus Inis Oírr sa dara clár den tsraith. Beidh iardhaltaí as na hoileáin ag caint ar chúrsaí oideachais sna 70idí agus sna 80idí agus ar na scoileanna cónaithe a d'fhreastal siad orthu. Beidh Róisín agus Niamh ag caint ar an gcion atá acu ar Cheann Cléire agus feicfear Féile Róise Rua in Árainn Mhór....

Eipeasóid 1

S1 E1 50m

Feicfear bia agus lastas á thabhairt go Ceann Cléire, Árainn Mhór, Inis Bó Finne, Inis Arcáin agus Inis Mór sa gclár seo agus tabharfar léargas ar na bealaí a d'athraigh an saol ar na hoileáin seo i gcaitheamh na mblianta. Feicfear an tionchar a bhí ag cúrsaí iascaireachta agus eisimirce ar na pobail seo. Feicfear muintir Árainn Mhór ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig freisin....