Pobal na hEaragaile

Pobal na hEaragaile

Seasúr 1, Eipeasóid 1
Pobal na hEaragaile

S1 E1 25m

Sa tsraith seo, tabharfar léargas ar an saol atá ag pobal na hEaragaile i nDún na nGall. Cuirfimid aithne ar Aoife De Barra, bean ghnó as Gaoth Dobhair, a bhfuil a sáith idir lámha aici. Caithfimid seal in éineacht le Joe Ó Duibheannaigh atá ar tí drioglann a oscailt i gCroithlí na Rosa. Buailfimid leis an scoláire Ardteiste Nóirín Nic Ghairbheith agus a cara Bríd Ní Icí atá ag dul ag marcaíocht. Tabharfaidh Dónal Ó Colla, eagraí Fhéile Inis Bó Finne i gCloich Chionnaola, agus Agnes Doherty, atá fillte abhaile as an Astráil, blaiseadh den fhéile dúinn.

Béarla PG

FaisnéisCúrsaí Daonspéise/Áitiúla

07 Meán Fómhair 2023

Tuilleadh Eipeasóid...