Ros na Rún

DrámaíochtSobalchlár

BéarlaGaeilge 12A

Eipeasóid 14

S31 E14 24m

Tá an clár faisnéise réidh ag Penny ar deireadh! An dtiocfaidh an fhírinne faoi dhúnmharú Risteard chun solais? Ní bhíonn focal fágtha ag Vanessa ná Bobbi Lee nuair a chloiseann siad faoi mhí-iompar Liam Óg ag an scoil. Níl a fhios ag Cam cé leis a thaobhóidh sé, Natasha nó Penny....

Eipeasóid 13

S31 E13 23m

Níl baol ar Penny aon cheo a rá faoin gclár faisnéise, rud a chuireann imní ar Sonny. An bhfuil a fhios aici níos mó faoin dúnmharú ná mar atá sí ag ligean uirthi féin? Tá Réailtín cinnte faoin méid a tharla ag gcóisir ar deireadh. An dtabharfaidh Evan tacaíocht di nó an bhfuil nead déanta ag Cillian ina chluas?...

Eipeasóid 12

S31 E12 24m

Bíonn sé deacair ag Tadhg guaim a choinneáil air féin nuair a thagann Sonny agus Natasha ar ais go Ros na Rún. Goilleann sé ar Réailtín nuair a shocraíonn sé am a chaitheamh le Evan seachas ise....

Eipeasóid 11

S31 E11 23m

Cuirtear i leith Éabha gur chuir sí rud éigin i ndeoch Michelle. An inseoidh sí do dhaoine an fáth gur tháinig sí go Ros na Rún? Ní mó ná sásta a bhíonn Béibhinn nuair a chuireann duine éigin isteach ar na pleananna a bhíonn aici le Vanessa....

Eipeasóid 10

S31 E10 24m

Bíonn oíche scléipe ag muintir Ros na Rún, ach ní chuile dhuine atá in ann an t-ól a iompar! Tá Réailtín in ísle brí agus labhraíonn sí le Cillian ag súil go mbeidh siad mór le chéile arís. Tá Michelle curtha soir ag na ceisteanna ar fad faoina máthair....

Eipeasóid 9

S31 E9 24m

Labhraíonn Réailtín le Cillian ach is mó mearbhaill a bhíonn uirthi tar éis labhairt leis. Céard a dhéanfaidh sí anois? Bíonn Vera ag cuardach fios faoi John Joe agus Noreen. Tá Áine spréachta le Tadhg! Deir sé léi go mbeidh sé cúramach ach ní minic le Tadhg gan díoltas a bhaint amach....

Eipeasóid 8

S31 E8 23m

Tá Vanessa in amhras faoi Saorla, an bhfuil rud éigin ar bun aici nó an bhfuil Vanessa ag déanamh scéal chailleach an uafáis de? Céard a dhéanfadh iníon an chait ach luch a mharú! Is breá le Tadhg go bhfuil an diabhlaíocht chéanna in Áine agus atá ann fhéin....

Eipeasóid 7

S31 E7 23m

Tá caidreamh Vanessa agus Béibhinn go mór i mbéal an phobail agus tá sé deacair ag Vanessa cur suas leis an aird ar fad. Socraíonn Cillian agus Evan podchraoladh a thaifeadadh chun a n-insint féin a thabhairt ar scéal Réailtín sula ndéarfaidh sí féin tada. Iarrann Berni comhairle ar O'Shea nuair a chuireann Evan an dallamullóg uirthi....