Scéalta Grá na hÉireann

FaisnéisCúrsaí Staire

Tabharfar spléachadh sa tsraith seo ar na scéalta grá is aitheanta i stair na hÉireann. Maireann na scéalta seo go deo agus bhíonn tionchar láidir ag gach ceann acu ar stair nua-aimseartha na tíre. Ó Gráinne Ní Mháille, Banríon na bhFoghlaithe Mara, go caidreamh scannalach Oscar Wilde leis an Tiarna Alfred Douglas, léiríonn Scéalta Grá na hÉireann na caidrimh a chuaigh i gcion ar stair na tíre seo.

Béarla G

Tabharfar spléachadh sa tsraith seo ar na scéalta grá is aitheanta i stair na hÉireann. Maireann na scéalta seo go deo agus bhíonn tionchar láidir ag gach ceann acu ar stair nua-aimseartha na tíre. Ó Gráinne Ní Mháille, Banríon na bhFoghlaithe Mara, go caidreamh scannalach Oscar Wilde leis an Tiarna Alfred Douglas, léiríonn Scéalta Grá na hÉireann na caidrimh a chuaigh i gcion ar stair na tíre seo.

Grace Gifford & Joseph Plunkett

Eipeasóid 1 , Grace Gifford & Joseph Plunkett

S2 E1 25m

Scéal cumhachtach croíúil faoin ngrá agus íobairt le linn an éirí amach! Bhí an scéal grá is tragóidí in Éirinn i gcroílár Éirí Amach na Cásca 1916. Ghoill scéal Grace Gifford agus Joseph Plunkett ar na milliúin agus is é a spreag an bailéad, "Grace", atá fós inár gcroí inniu. Bhí an-dáimh ag Grace agus Joe lena chéile lena ngrá don ealaín, don fhilíocht, agus a mbrionglóid Éire a scaoileadh saor. Ní raibh muintir Grace ag iarraidh baint ná páirt a bheith acu léi nuair a thug sí le fios go raibh sí geallta le Joe. Fad a bhí Grace ag pleanáil an phósta bhí Joe ag pleanáil Éirí Amach na Cásca....

Eleanor Butler & Sarah Ponsonby

Eipeasóid 2 , Eleanor Butler & Sarah Ponsonby

S2 E2 25m

Scéal draíochtúil a chuaigh in aghaidh ghnáis an 18ú haois agus atá fós suimiúil sa lá atá inniu ann. Bhí Eleanor Butler, ó Chaisleán Chill Chainnigh, agus Sarah Ponsonby, dílleachta uasal, meáite ar a bheith le chéile, sháraigh siad noirm shóisialta rud a chruthaigh scannal ag an am. An raibh siad ina leannáin rúnda? Tá ráflaí agus tuairimíocht ar siúl leis na céadta bliain, ach tá rud amháin cinnte: is é seo an scéal grá LADTA+ is mó in Éirinn. Chuir na mná seo gach rud i mbaol trí mhian a gcroí a leanúint, iad ag réiteach an bhealaigh do na glúnta a tháinig ina ndiaidh le go mbeidís ábalta an saol a chaitheamh agus grá a thabhairt ar a gcomhairle féin....

Michael Joseph O'Rahilly & Nancy Brown

Eipeasóid 3 , Michael Joseph O'Rahilly & Nancy Brown

S2 E3 25m

Sa bhliain 1896 dhíol Michael Joseph O'Rahilly gnó a mhuintire i gContae Chiarraí, agus as go brách leis go Nua-Eabhrac chun croí Nancy Brown a bhuachan. Bhog siad go Baile Átha Cliath agus le chéile áit a raibh siad ina bhfigiúirí lárnacha sa ghluaiseacht náisiúnach, ag troid ar son shaoirse na hÉireann agus ag fágáil marc doscriosta ar stair na tíre. Bhí siad fite fuaite i Rith Gunna Bhinn Éadair agus in Éirí Amach na Cásca 1916. Lánúin chumhachtach a bhí iontu a bhain súp as an saol, bhí siad chomh tiomanta do shaoirse na hÉireann agus a bhí siad dá chéile agus thug siad gach rud ar son na cúise....

Matilda Tone & Theobald Wolfe Tone

Eipeasóid 4 , Matilda Tone & Theobald Wolfe Tone

S2 E4 25m

Scéal corraitheach Martha Witherington agus Theobald Wolfe Tone a bheidh faoi chaibidil. D'éalaigh an bheirt agus thug aghaidh ar chathanna, ar chruinnithe rúnda le Napoleon agus ar chomhchealga réabhlóideacha. Ba bheirt Phoblachtánach iad a spreag an tír i dtreo neamhspleáchais. Chuir Martha dialanna Theobald in eagar agus d'fhoilsigh iad, rud a spreag na glúnta reibiliúnaithe, dialanna a bhfuil an-tábhacht fós leo sa lá atá inniu ann....

Leslie Price & Tom Barry

Eipeasóid 5 , Leslie Price & Tom Barry

S2 E5 25m

Scéal grá pléascach é seo. Thit Leslie Price agus Tom Barry go mór i ngrá le linn na tréimhse is suaite i stair na hÉireann. Tá a ngrianghraf pósta ar cheann de na grianghraif is aitheanta in Éirinn. Agus Leslie ag troid sa GPO le linn Éirí Amach na Cásca, throid Tom sa Chéad Chogadh Domhanda. Thit siad i ngrá le linn Chogadh na Saoirse. Bhí Leslie ina ceannaire ar Chumann na mBan agus bhí Tom i gceannas ar Thríú Colún Reatha Bhriogáid Iarthar Chorcaí. Scéal corraitheach faoin ngrá, faoi chogadh agus faoi réabhlóid a fhiosraíonn saol beirte ar athraigh a ngrá cúrsa staire na hÉireann....

John Mitchel & Jenny Verner

Eipeasóid 6 , John Mitchel & Jenny Verner

S2 E6 24m

Scéal grá spleodrach John Mitchel agus Jenny Verner, grá a thug siad leo trasna cheithre mhór-roinn agus a bhféadfaí é a chur i gcomparáid le rómánsaíocht fhiáin The Quiet Man, scuabadh eipiciúil Ryan's Daughter, agus dráma dochreidte Gone With The Wind. Scéal é seo faoi éalú, éirí amach, gorta, idirbheartaíochtaí dorcha agus díbirt mar aon leis an gcaidreamh paiseanta, neamhghnách polaitíochta a bhí idir an bheirt i gcroílár Chúige Uladh....