Scéalta na gCorn

SpórtFaisnéis Spóirt

Tá Gráinne McElwain ag iarraidh tuilleadh a fháil amach faoi na trófaithe agus coirn éagsúla CLG a bhronntar ar fud na tíre. Gheobhaidh sí amach freisin faoin tábhacht a bhaineann leo sna contaetha agus pobail sin agus mar a fuair na trófaithe sin a gcuid ainmneacha anuas trí na blianta.

Béarla G

Tá Gráinne McElwain ag iarraidh tuilleadh a fháil amach faoi na trófaithe agus coirn éagsúla CLG a bhronntar ar fud na tíre. Gheobhaidh sí amach freisin faoin tábhacht a bhaineann leo sna contaetha agus pobail sin agus mar a fuair na trófaithe sin a gcuid ainmneacha anuas trí na blianta.

Ard Mhacha

Eipeasóid 1 , Ard Mhacha

S3 E1 25m

Tugann Gráinne McElwain aghaidh ar Chontae Ard Mhaca sa chéad chlár den tsraith seo. Casann sí le hUachtarán CLG, Jarlath Burns agus insíonn sé di faoi Chorn McKillop. Faigheann Gráinne amach faoi Marie Hoye agus Caitríona McKeag freisin agus faoin gcomórtas a bhíonn ar bun chuile bhliain in ómós dóibh....

Ceatharlach

Eipeasóid 3 , Ceatharlach

S3 E3 25m

Tugann Gráinne McElwain aghaidh ar Chontae Cheatharlach sa gclár seo. Tugann sí cuairt ar Músaem Chontae Cheatharlach chun fáil amach faoi Chorn Haughney agus Corn Conlan. Casann sí le Bríde de Róiste ag Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc chun eolas a fháil ar Chumann na mBunscol....

Luimneach

Eipeasóid 4 , Luimneach

S3 E4 25m

Tugann Gráinne McElwain aghaidh ar Chontae Luimnigh sa gclár seo. Cuireann sí eolas ar an tírghráthóir John Daly sna TUS Gaelic Grounds agus mar a ainmníodh Corn Sinsir Iomána Luimnigh in ómós dó. Téann sí go Coláiste Mhuire gan Smál ansin agus faigheann sí amach faoi iarléachtóir a bhí sa gcoláiste Noreen Lynch. Tugann sí aghaidh ar fhód dúchais an iománaí mór le rá Mick Mackey agus faigheann sí amach mar a ainmníodh Corn Sinsir Iomána na Mumhan ina dhiaidh....

Maigh Eo

Eipeasóid 5 , Maigh Eo

S3 E5 25m

Tugann Gráinne McElwain aghaidh ar Chontae Mhaigh Eo sa gclár seo. Faigheann sí amach faoi Chorn Paddy Moclair, fear a bhuaigh Craobh na hÉireann le Maigh Eo in 1936. Tugann sí aghaidh ar Bhréachmhaigh ansin agus faigheann sí eolas ar chorn a ainmníodh i ndiaidh an iarThaoisigh Charles Haughey. Labhraíonn Gráinne le Sharon McGing faoina deirfiúr Aisling McGing agus faoi na coirn ar fad a ainmníodh ina diaidh....

Doire

Eipeasóid 6 , Doire

S3 E6 25m

Cuireann Gráinne McElwain clabhsúr leis an tsraith i nDoire agus í sa tóir ar na scéalta a bhaineann le coirn an chontae sin. Faigheann sí amach faoi Brian Óg McKeever agus mar a ainmníodh corn agus cumann ina dhiaidh. Casann sí le Colm McGuigan i nDún Geimhin chun tuilleadh eolas a fháil ar Chorn Jim McGuigan, athair Choilm. Tugann Gráinne aghaidh ar an Lúb chun scéal Chorn Seán Larkin a chloisteáil, bhí Seán Larkin ar dhuine den dream a cuireadh chun báis i nDroim Bó le linn an Chogaidh Chathartha....