S8 E16 25m
Is é Micheál Ó Maoilchiaráin a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí Ó Sé ar an gclár. Tá aithne mhór ar Mhicheál i saol acadúil na Gaeilge. Tá sé ina Stiúrthóir ar na Cláir sa nGaeilge Ghairmiúil in Ollscoil Mhá Nuad agus bhí sé ina Stiúrthóir ar an Dianchúrsa i Scríobh na Gaeilge roimhe sin. Tá an-suim ag Micheál sna báid freisin agus filleann sé ar Chonamara go minic le dul ag iomramh nó chun dul ag plé le currachaí.
Béarla
29 Eanáir 2026