Síle Seoige: An Saol Mar Atá

FaisnéisCúrsaí Daonspéise/ÁitiúlaCúrsaí Imscrúdaithe

Sraith faisnéise trí chuid ina mbreathnaíonn Síle Seoige ar bhulaíocht, tuismitheoireacht agus ar eipidéim na himní chun réiteach a fháil ar na fadhbanna is mó atá le fáil i sochaí an lae inniu.

Béarla 15A

Sraith faisnéise trí chuid ina mbreathnaíonn Síle Seoige ar bhulaíocht, tuismitheoireacht agus ar eipidéim na himní chun réiteach a fháil ar na fadhbanna is mó atá le fáil i sochaí an lae inniu.

Eipeasóid 3

S1 E3 50m

Tugann Síle Seoige léargas ar chúrsaí bulaíochta sa gclár seo. Feiceann sí nach féidir gasúir ná daoine óga a chosaint go hiomlán nuair a bhíonn siad ar líne agus gur orthu siúd atá ' éagsúil ' is mó a dhéantar bulaíocht orthu. Tá taithí phearsanta ag Síle ar bhulaíocht ó tharla gur duine í a bhíonn i mbéal an phobail. Faigheann sí amach faoin gcaoi is fearr dul i ngleic leis na fadhbanna síceolaíocha agus fisiciúla a thagann le bulaíocht i saol an lae inniu....

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

An bhfuil muid i lár Ré na hImní? An bhfuil sochaí an lae inniu go dona ag an meabhairshláinte agus ag an bhfolláine? Fiosraíonn Síle Seoige cé chomh coitianta is atá neamhoird imní in Éirinn sa lá atá inniu ann. Cloisfidh sí faoin drochthionchar a bhíonn sochaí nach bhfuil comhionannas inti ar an meabhairshláinte, ar an mbriseadh croí, ar néara-éagsúlacht agus ar mheanapás. Tugann Síle cluas éisteachta do ghnáthdhaoine agus do shaineolaithe chun léargas a fháil ar an bhfadhb seo....

Eipeasóid 1

S1 E1 50m

Fiosraíonn Síle Seoige na dúshláin a bhaineann le clann a thógáil sa lá atá inniu ann. Tuigeann sí agus í ina tuismitheoir í féin an brú a bhaineann le seirbhísí cúraim atá róchostasach agus atá deacair le fáil, an deacracht a bhíonn ag tuismitheoirí rogha a dhéanamh idir a bheith ag obair nó am a chaitheamh lena gclann agus an tionchar ollmhór a bhíonn ag na meáin shóisialta ar an teaghlach ar fad. Tá rún aici eolas a fháil ó thuismitheoirí eile agus ó shaineolaithe go bhfeicfidh sí na bealaí is fearr tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus iad ag tógáil clainne....