S1 E3 25m
Sa tsraith nua seo, leanaimid na daoine cróga i nGarda Cósta na hÉireann, sna foirne tarrthála sléibhe agus báid tarrthála phobail timpeall na hÉireann. Sa tríú clár, leanfar Garda Cósta an Bhuna Bhig go bhfeicfear an t-athrú ó bhonn atá curtha ag dróin ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht an Gharda Cósta ansin. Feicfimid madra á thabhairt slán ó Shléibhte an Chomaraigh agus cuirfear fios ar Tharrtháil Sléibhe an Oirdheiscirt chun teacht i gcabhair ar bhean atá gortaithe.
Béarla
19 Deireadh Fómhair 2023