The Deal

DrámaíochtDlíthiúil/PolaitiúilIdirnáisiúnta

Tá cainteanna núicléacha idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin, i dteannta na hEorpa, an Rús agus an tSín ar bun san Eilvéis. Is taidhleoir as an Eilvéis, Alexandra Weiss atá ag stiúradh na gcainteanna agus í ag iarraidh dul i ngleic le teannas, uisce faoi thalamh, agus taidhleoireacht leochaileach. Ní fada go mbíonn ar Alexandra dul thar cailc chun iarleannán a chosaint, ach an gcuirfidh sí síocháin dhomhanda i mbaol?

16

Eipeasóid 6

S1 E6 44m

Díreach agus iad ar tí socrúchán a dhéanamh, faigheann Cindy Cohen amach go raibh Porter ag roinnt eolais le rialtas Iosrael. Tá Alexandra agus Sanjabi go mór faoi bhrú. Tugann Mahdavi a iníon chun na hEilvéise chun í a chosaint....

Eipeasóid 5

S1 E5 47m

Cuireann Sanjabi agus an tOllamh Koonitz mórchinntí a bhfiosrúcháin ar fáil. Faigheann Alexandra amach go bhfuil Sanjabi le filleadh ar an Iaráin agus déanann sí iarracht moill a chur ar chúrsaí. Cuirtear na cainteanna ar athló go ndéantar malartú príosúnach....

Eipeasóid 4

S1 E4 45m

Aimsítear corp Babak Pirouz. Ceapann Alexandra gur cheart cead a thabhairt do Sanjabi agus an innealtóir thoscaireacht Meiriceá, an tOllamh Koonitz, dul ag obair le chéile gan mhaoirsiú, rud a thugann deis di labhairt le Payam....

Eipeasóid 3

S1 E3 49m

Scaoileann an Iaráin buamaí le hIosrael agus tá na cainteanna ar tí titim as a chéile. Déanann Cindy Cohen, straitéisí as Meiriceá, a dícheall dul chun cinn a dhéanamh cé go bhfuil a teaghlach féin faoi ionsaí. Is mhíchuibhiúil an cás atá ionadaí Státchiste na Stáit Aontaithe ann....

Eipeasóid 2

S1 E2 46m

Ní mó ná sásta a bhíonn Alexandra nuair a thagann innealtóir nua as an Iaráin gan choinne. Tá an tAire Mahdavi as an Iaráin faoi bhrú agus iarrann sé cúnamh ar fhear gnó cam....

Eipeasóid 1

S1 E1 46m

An Ghinéiv Aibreán 2015, tagann cumhachtaí domhanda - Meiriceá, an Eoraip, an Rús agus an tSín - le chéile do chomhchainteanna maidir le spriocanna núicléacha na hIaráine. Tá ceann prótacail na hEilvéise, Alexandra Weiss ag stiúradh na gcainteanna go discréideach ach tá uisce faoi thalamh ar bun ag spiairí chun an idirbheartaíocht a chur in aer....