Eipeasóid 1
S1 E1 1h 29m
(2021, dráma faisnéise) Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones agus Brídín Ní Mhaoldomhnaigh príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Thomáis Seoighe. Fíorscéal faoi cheann de na comhchealga is suimiúla i stair na hÉireann. Scéal an-chorraitheach lán le foréigean, corraíl sa gcúirt, grá agus scéiméireacht pholaitiúil. Tugtar eolas nua chun solais le fianaise ó Oifig Gnóthaí Baile na Breataine a coinníodh faoi rún ar feadh céad bliain faoin deireadh a bhí ag fear ciúin as Dún na nGall a mharaigh an brathadóir míchlúiteach James Carey ar bord loinge amach ó chósta na hAfraice Theas in 1883....
