Údar

DrámaíochtÓigeGearrscannáin

Sraith ghearr scannán bunaithe ar mhór-shaothair litríochta na Gaeilge. Bunaithe ar shaothar Liam Uí Fhlaithearta, Phádraig Uí Chonaire, Phádraic Mhic Piarais, Mhichil Uí Chonghaile agus Phádraig Uí Shiadhail, léiríonn na scannáin seo cruachás an duine daonna, idir óg agus sean, agus é ag iarraidh a bhealach a dhéanamh sa saol.

BéarlaGaeilge PG

Sraith ghearr scannán bunaithe ar mhór-shaothair litríochta na Gaeilge. Bunaithe ar shaothar Liam Uí Fhlaithearta, Phádraig Uí Chonaire, Phádraic Mhic Piarais, Mhichil Uí Chonghaile agus Phádraig Uí Shiadhail, léiríonn na scannáin seo cruachás an duine daonna, idir óg agus sean, agus é ag iarraidh a bhealach a dhéanamh sa saol.

Malartú Intinne

Eipeasóid 1 , Malartú Intinne

S1 E1 26m

Sraith gearr scannán bunaithe ar mhór-shaothair litríochta na Gaeilge. Scéal é seo atá bunaithe ar shaothar Pádhraic Uí Shiadhail. Tá Aisling agus a clann ag tnúth go mór lena fear céile Eoghan a theacht abhaile ón gcogadh. Tá cónaí orthu i nGaeltacht Thalamh an Éisc i gCeanada. Nuair a fhilleann sé ón gcogadh ní bhíonn sé sásta Gaeilge a labhairt rud a chuireann strus agus imní ar Aisling. Tuigtear gur mar gheall ar an méid a tharla sa chogadh is cúis leis ach an bhfuil údar éigin eile leis? ...

An t-Ádh

Eipeasóid 2 , An t-Ádh

S1 E2 20m

(2011) Gearrdhráma bunaithe ar mhórshaothair liteartha na Gaeilge. Stiúrtha ag Colm Bairéad . Scríofa ag Maedb Johnston le Eamonn Ó Ceallaigh, Michéal agus Beartla Ó Domhnaill mar aisteoiri. Scéal é seo atá bunaithe ar shaothar Phádraic Uí Conaire. Is iomaí casadh sa saol seo ach is beag an chuimhne a bhíonn ag Liam ar an méid atá i ndán dó nuair a shocraíonn sé dul go hÁrainn chuig cluiche peile. Nuair nach mbíonn ach áit do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam ar phlean a chuireann athrú tubaisteach ar a shaol go deo. Seo lá nach ndéanfaidh Liam dearmad go brách air....

Jesus, Mary & Mattie

Eipeasóid 3 , Jesus, Mary & Mattie

S1 E3 20m

Tá an scannán seo bunaithe ar bhunscéal le Pádraig Mac Piarais. Tá luathnéaltrú ar Mattie bocht agus é ag fanacht go dtógfar ón saol seo é. Cailleadh a bhean céile os cionn deich mbliana ó shin agus níl aon spiorad fágtha ina shaol dá bharr. Trí thimpiste, castar Mary leis, cailín óg fuinniúil agus Jesus, buachaill óg ón mBrasaíl. Téann siad ar thuras, ní hamháin go fisiciúil, ach ar thuras intinne a thugann sólás do Mattie ar a lá deiridh ar an saol seo....

Seacht gCéad Uaireadóir

Eipeasóid 4 , Seacht gCéad Uaireadóir

S1 E4 22m

Bunaithe ar shaothar le Micheál Ó Conghaile. Scéal ina ndéantar cur síos ar an gcoimhlint atá idir an saol nua-aimseartha agus an seansaol. Nuair a thugann fear óg, a bhíonn ag iarraidh an lá a chaitheamh, cuairt ar sheanshiopa clog agus uaireadóirí, cuireann fear an tsiopa fainic air gan am a chur amú. ...

An Buille

Eipeasóid 5 , An Buille

S1 E5 22m

Scannán bunaithe ar shaothar de chuid Liam Uí Fhlaithearta. De bharr fadhbanna airgid agus brú oibre, ní bhíonn cúrsaí go maith idir Éamonn ná a mhac Neidín. Ach ní bhíonn de rogha acu aon lá amháin ach an lá a chaitheamh i gcomhluadar a chéile. ...

An Seabhac

Eipeasóid 6 , An Seabhac

S1 E6 22m

Scannán bunaithe ar shaothar de chuid Liam Uí Fhlaithearta. Cuirtear síos sa scannán seo ar dhornálaí fíochmhar atá in ann do dhuine ar bith sa bhfáinne. Ach tagann athrú ar rudaí nuair a dhéanann sé iarracht bob a bhualadh ar choirpeach a chuir geall ar an troid. Anois tá a chlú agus a theaghlach i mbaol. ...