Vanguard

DrámaíochtClainne/DáimhCaidreamh/Coiméide Rómánsúil

Sraith faoi bhoc mór i ndomhan na meáin a bhíonn ag leasú an chuid is úire den teicneolaíocht agus é idir dhá cheann na meá idir díograis agus dualgas.

Béarla 16

Sraith faoi bhoc mór i ndomhan na meáin a bhíonn ag leasú an chuid is úire den teicneolaíocht agus é idir dhá cheann na meá idir díograis agus dualgas.

Eipeasóid 5

S1 E5 43m

Caitheann Jan a shaol ar fheirm i Lucsamburg agus é fós i mbun Kinnevik. Tá rún aige ceadúnas a fháil chun cainéal teilifíse trastíre a bhunú sa tSualainn ach tá iomaitheoir aige, TV4 atá maoinithe ag muintir Wallenberg. Tá seanaithne ag an dá chlann seo ar a chéile....

Eipeasóid 4

S1 E4 43m

Tá an choimhlint le comhlacht teileafóin an stáit curtha de ag Jan ach anois tá rún aige tabhairt faoi mhonaplacht na teilifíse. Bunaíonn sé cainéal teilifíse TV3 a bheidh á chraoladh ó Londain. Tagann Merrill go Stócólm chun an Bhliain Nua a cheiliúradh chomh maith le seoladh TV3 ach mar a chuireann Jan tús le ré nua sna meáin is léir go bhfuil a phósadh in aimhréidh....

Eipeasóid 3

S1 E3 43m

Tugann rialú cúirte cead do dheirfiúracha Jan a gcuid scaireanna in Kinnevik a dhíol, rud a chuireann an ceannas atá ag Jan ar an gcomhlacht i mbaol. Tá Jan ar a dhícheall ag iarraidh rudaí a choinneáil faoi smacht agus muintir Stenbeck in árach a chéile. Mar bharr ar an donas níl sláinte Jan thar mholadh beirte....

Eipeasóid 2

S1 E2 42m

Faoin mbliain 1980 tá Jan ag iarraidh gnó an teaghlaigh a athrú ó bhonn. Tá rún aige teileachumarsáid shoghluaiste a thabhairt chuig an tSualainn ach ní mó ná sásta a bhíonn a theaghlach faoin bplean atá aige. Socraíonn Jan deireadh a chur leis an monaplacht atá ag an stáit ar chúrsaí teileachumarsáide agus deireadh a chur leis na hoibreacha cruach atá ag an teaghlach in Fagersta freisin....

Eipeasóid 1

S1 E1 44m

Bíonn an saol ar a dheis ag Jan Stenbeck i Nua-Eabhrac in 1975. Bíonn sé ag obair in Morgan Stanley agus é i ngrá le bean álainn. Ach bíonn ar Jan cinneadh a dhéanamh nuair a tharlaíonn tragóid sa mbaile, fanacht sna Stáit Aontaithe nó filleadh ar an tSualainn chun ceannas a ghlacadh ar chomhlacht a mhuintire, Kinnevik....